Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 31:8

An Bíobla Naofa 1981

Ní raibh céadras inchurtha leis i ngairdín Dé; ní raibh a leithéid de ghéaga ag giúis ar bith, ná a leithéid de bheangáin ag crann plána, ná a leithéid de scéimh ag aon chrann i ngairdín Dé.

Féach an chaibidil Cóip

15 Tagairtí Cros  

D'ardaigh Lót a shúile agus chonaic go raibh gleann na hIordáine arna uisciú go fónta i ngach treo baill chomh fada le Zoar agus é amhail gairdín an Tiarna nó tír na hÉigipte - ba sular scrios an Tiarna Sodom agus Gomorá é sin.

Chonaic mé an t‑urchóideach go huaibhreach ina sheasamh amhail céadras na Liobáine.

Rinne tú an ithir a réiteach di; chuir sí a fréamhacha agus líon sí an tír.

Galláin mharmair a chosa ar fhothaí óir ag seasamh. Cosúil é leis an Liobáin, togha na gcrann céadrais.

Is ea, tá trua ag an Tiarna do Shíón, tá trua aige di ina ballóga ar fad mar atá. As an díthreabh sin aici déanfaidh sé Éidin, agus as a gaineamhlach gairdín don Tiarna. Cloisfear gártha áthais agus lúcháire ann, altú buíochais agus siansa ceoil.

bhí tú in Éidin, i ngairdín Dé. Bhí gach sort seoide i ndéantús do chloca, sard, tópas, diamant, criosailít, beiril, oinisc, saifír, carmhogal, smaragaid; ba as ór a rinneadh do thiompáin agus do phíbeanna. Gléasadh an t‑iomlán an lá ar cruthaíodh thú.

Chuir mé na ciníocha ar crith le callán a thitime nuair a theilg mé síos é go Seól ina gcuideachta siúd a théann síos sa pholl. Sa réigiún thíos ghlac crainn uile Éidin sólás, crainn uaisle áille uile na Liobáine a chothaítí lé huisce.

“An raibh aon cheann de chrainn Éidin inchurtha leat i mórgacht agus i méid? Ina dhiaidh sin agus uile teilgeadh síos thú le crainn Éidin in íochtar an domhain. Luífidh tú ansin i measc an dream gan timpeallghearradh, ina measc siúd a bascadh leis an gclaíomh. “Is é seo Forann agus a ghéillsinigh - an Tiarna Dia a labhraíonn.”

Le céadras sa Liobáin gan amhras, le géaga breátha, beangáin dhlútha agus stoc ard, a bharr i measc na néalta.

Ba bhreá a mhéid agus fad a bheangán, chuaigh na fréamhacha síos i bhflúirse an uisce.

An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil á rá ag an Spiorad leis na heaglaisí: An té a bheireann bua tabharfaidh mé bia dó ó chrann na beatha atá i bparthas Dé.’ ”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí