Eizicéil 31:2An Bíobla Naofa 1981“A mhic an duine, abair le Forann, rí na hÉigipte, agus lena ghéillsinigh: Cad leis is cosúil tú i do mhórgacht? Féach an chaibidil |
“An raibh aon cheann de chrainn Éidin inchurtha leat i mórgacht agus i méid? Ina dhiaidh sin agus uile teilgeadh síos thú le crainn Éidin in íochtar an domhain. Luífidh tú ansin i measc an dream gan timpeallghearradh, ina measc siúd a bascadh leis an gclaíomh. “Is é seo Forann agus a ghéillsinigh - an Tiarna Dia a labhraíonn.”