Tá Seól thíos corraithe faoi do chionn chun teacht ag fáiltiú romhat. Dúisíonn sé taisí na sean in onóir duit, a raibh ina dtaoisigh ar talamh; cuireann sé suas as a suíocháin ríoga ríthe na náisiún ar fad.
Ungthach an Tiarna, arbh ionann agus beatha dúinn é, gabhadh ina bpollghaiste é, an té a ndúramar faoi: “Is faoina scáthsan a mhairfimid i measc na náisiún.”
Gearradh anuas é ag coimhthígh, an dream is barbartha amuigh, agus caitheadh ar leataobh é. Tá a ghéaga scaipthe ar na sléibhte agus san uile ghleann; tá a bheangáin bhriste ag líonadh gach cumair sa tír; d'imigh gach duine sa tír óna scáth agus thréig é.
ach nuair a bhíonn sé curtha, fásann sé suas agus bíonn ar an gceann is mó de na glasraí go léir agus cuireann sé craobhacha móra amach sa chaoi go bhféadann éanlaith an aeir dul ar foscadh faoina scáth.”