Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 30:9

An Bíobla Naofa 1981

“An lá sin rachaidh teachtairí amach uaimse i longa a chur eagla ar na hAetópaigh neamhchúramacha. Tiocfáidh uafás orthu lá na hÉigipte; óir, féach é ag teacht!

Féach an chaibidil Cóip

24 Tagairtí Cros  

Beidh dúiche Iúdá ina hábhar uamhain ag an Éigipt. Gach uair a luafar leo í, tiocfaidh eagla orthu de bharr na seifte atá ceaptha ag Tiarna na Slua ina gcoinne.

Ansin dúirt an Tiarna: “Díreach mar bhí mo sheirbhíseach Íseáia ag gabháil thart tarnocht agus cosnocht ar feadh trí bhliain, ina chomhartha agus ina mhana don Éigipt agus do Chúis,

Agus beidh eagla agus náire oraibh as Cúis, a raibh bhur muinín ann, agus as an Éigipt, a raibh sibh chomh teann sin aisti.

Nuair a gheobhaidh siad an tuairisc san Éigipt, beidh siad ar crith de bharr chinniúint na Tuíre.

Anois, éist leis seo, a chailín an mhacnais, atá i do shuí go te á rá leat féin i do chroí: “Mise, mé féin amháin! Ní bheidh mise i mo bhaintreach choíche, ná ní dual dom mo chlann a chailliúint.”

Corrófar an talamh le torann a dtitime; beidh an fhuaim le cloisteáil chomh fada le Muir na nGiolcach.

“Éirígí! téigí in éadan cine atá go sámh, atá beo go muiníneach - an Tiarna a labhraíonn - nach bhfuil geataí acu ná barraí, a chónaíonn san uaigneas!

Mise, an Tiarna, a labhair; fíorófar m'fhocal. Gníomhóidh mé agus ní rachaidh mé siar air; ní dhéanfaidh mé trua ná aithreachas; tabharfaidh mé breithiúnas ort de réir d'imeachtaí agus do ghníomhartha - an Tiarna Dia a labhraíonn.”

Ansin tiocfaidh prionsaí uile na farraige anuas óna ríchathaoireacha, bainfidh sibh díobh a gclócaí, cuirfidh uathu a n‑éide bhróidnéirithe. Gléasfaidh siad iad féin agus scanradh orthu; suífidh siad ar an talamh ag crith gan stad, agus uafás orthu mar gheall ortsa.

Scanraigh an chinniúint muintir na n‑insí; tá uafás ar na ríthe iontu agus cuma bhuartha ar a ngnúiseanna.

Nuair a thiocfaidh seo i gcrích, agus tiocfaidh gan teip, tuigfidh siad go raibh fáidh ina measc.”

Déarfaidh tú: ‘Ionsóidh mé tír seo na mbailte gan bhallaí; ionsóidh mé an mhuintir chiúin seo a chónaíonn ar a suaimhneas i mbailte atá gan bhallaí ná barraí ná geataí.’

Seolfaidh mé tine ar Mhagóg agus orthu san a chónaíonn faoi shuaimhneas sna hinsí, agus tuigfidh siad gur mise an Tiarna.

Mhionnaigh an Tiarna Dia dar a naofacht: féach, tiocfaidh na laethanta oraibh nuair a sracfar ar shiúl sibh le crúcaí, go fiú an bhean dheiridh daoibh le duáin iascaigh.

Óir is le haghaidh a hionú féin amháin a tugadh an fhís seo; tá sí ag tnúthán lena comhlíonadh agus ní dhéanfaidh sí bréag. Go fiú má bhíonn sí mall ag teacht, fan léi; mar tiocfaidh sí i gcrích go cinnte; ní theipfidh uirthi choíche.

Agus fiú amháin sibhse, a Chúisíteacha, pollfar sibh le mo chlaíomh.

An í seo an chathair lúcháireach a mhaireadh go slán sábháilte agus a deireadh ina croí istigh: “Táimse ann agus níl mo chomh-mhaith ar fáil”? Cad é mar a rinneadh fothrach di agus brocach beithíoch! Gach uile dhuine a ghabhann thairsti déanann siad faíreach agus bagraíonn siad a ndoirne.

Tá a fhios agaibh féin go beacht gur mar a bheadh bithiúnach san oíche a thiocfaidh an Lá úd an Tiarna.

D'imigh an cúigear leo agus thángadar go Láís, agus chonaiceadar go raibh muintir na háite sin ina gcónaí ansiúd gan bhuaireamh, dála na Síodónach, gan aighneas gan drochiontaoibh; nach raibh aon ní faoin spéir in easnamh orthu; go rabhadar i bhfad ó na Síodónaigh agus gan baint acu leis na [hArámaigh].




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí