Bánófar í i measc na dtíortha a bheidh bánaithe, scriosfar a cathracha i measc na gcathracha a bheidh scriosta.
Fágfaidh mé tír na hÉigipte ina fásach i measc tíortha fásaigh agus a cathracha scriosta i measc cathracha scriosta eile go ceann daichead bliain. Scaipfidh mé na hÉigiptigh i measc na gciníocha, agus cuirfidh mé an ruaig orthu ar fud na dtíortha.
Fágfar an Éigipt ina fásach lom agus tuigfear ansin gur mise an Tiarna. De bhrí go ndúirt sé: ‘Is liomsa an Níl, mise a rinne í’;