Tiocfaidh an claíomh ar an Éigipt; beidh scanradh ar an Aetóip nuair a thitfidh na mairbh san Éigipt, nuair a bhéarfar ar shiúl a maoin agus go réabfar a bunsraith.
Dá dheasca sin, tá muintir Mhóáb ag caoineadh Mhóáb. Tá siad go léir ag caoineadh le chéile, i ndiaidh cístí rísín Chír Harasait tá siad ag mairgneach go cráite.
Dreasóidh mé na hÉigiptigh in éadan a chéile, beidh siad ag troid bráthair in aghaidh bráthar, cara in aghaidh carad, baile in aghaidh baile, ríocht in aghaidh ríochta.
Ansin dúirt an Tiarna: “Díreach mar bhí mo sheirbhíseach Íseáia ag gabháil thart tarnocht agus cosnocht ar feadh trí bhliain, ina chomhartha agus ina mhana don Éigipt agus do Chúis,
Ar aghaidh, a eachra! buailigí a charbada! ionsaígí, a fheara; a mhuintir na hAetóipe agus Phút, a ghlacann an sciath, a mhuintir Lúd, a chromann an bogha!’
Ardaigí an gháir chatha ina héadan ó gach taobh di. Géilleann sí! titeann a dúnta! sceitheann a múrtha! Seo é díoltas an Tiarna. Déan díoltas uirthi! Roinn léi mar a roinn sise le daoine eile.
Cuirfidh mé plá inti agus fuil ag rith ar na sráideanna. Titfidh na mairbh inti leis an gclaíomh ina timpeall ar gach taobh, agus tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna.
Fágfaidh mé tír na hÉigipte ina fásach i measc tíortha fásaigh agus a cathracha scriosta i measc cathracha scriosta eile go ceann daichead bliain. Scaipfidh mé na hÉigiptigh i measc na gciníocha, agus cuirfidh mé an ruaig orthu ar fud na dtíortha.
Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tabharfaidh mé tír na hÉigipte do Nabúcadnazar, rí na Bablóine; tabharfaidh sé leis a maoin go léir idir éadáil agus chreach mar thuarastal dá shlua.