agus é ag teacht idir slua na hÉigipte agus slua Iosrael. Leis an néal agus an dorchadas chaitheadar an oíche gan teacht i ngiorracht dá chéile ar feadh na hoíche.
Le ham faire na maidine, d'fhéach an Tiarna anuas ar shluaite na hÉigipteach ón gcolún tine agus néil agus rinne sé cíor thuathail de shluaite na nÉigipteach.
Fáistine i gcoinne na hÉigipte. Seo an Tiarna ag teacht, ag marcaíocht go mear ar scamall; chun na hÉigipte atá a thriall. Tá íola na hÉigipte ar crith roimhe, tá tuirse chroí ar mhuintir na hÉigipte.
sroicheann sé imill imigéiniúla an domhain. Óir tá an Tiarna ag cúisiú na náisiún, ag tabhairt an uile fheoil chun breithiúnais; tugann sé don chlaíomh na hurchóidigh - an Tiarna a labhraíonn.’
Fágfaidh mé tír na hÉigipte ina fásach i measc tíortha fásaigh agus a cathracha scriosta i measc cathracha scriosta eile go ceann daichead bliain. Scaipfidh mé na hÉigiptigh i measc na gciníocha, agus cuirfidh mé an ruaig orthu ar fud na dtíortha.
Dorchóidh an lá i dTachpanaes nuair a bhrisfidh mé cuing na hÉigipte ansin, nuair a thiocfaidh deireadh lena neart mórchúiseach. Beidh sí faoi chlúdach scamaill, rachaidh a hiníonacha i mbraighdeanas.
Nuair a scriosfaidh mé thú clúdóidh mé na spéartha, agus dorchóidh mé na réaltaí; cuirfidh mé smúid ar an ngrian le scamall agus ní thabharfaidh an ghealach a solas.
Dála mar a bhíonn cúram na gcaorach ar an tréadaí a fhanann i lár an tréada scaipthe ar fán, coinneoidh mise súil ar mo chaoirigh. Déanfaidh mé iad a fhuascailt ó cibé áit ina ndeachaigh siad ar seachrán sa cheo agus sa dorchadas.
Caitheann siad a gcuid airgid sna sráideanna agus is ábhar dímheasa acu a gcuid óir. Ní fhuasclófar iad de thairbhe airgid ná óir lá feirge an Tiarna; níl ar a gcumas seo an t‑ocras a shásamh ná an bolg a líonadh dóibh. Óir ba iadsan ba chionsiocair leis an urchóid acu.
Tá lá mór an Tiarna in achmaireacht; tá sé sa chóngar agus é ag teacht faoi lánluas; ar lá an Tiarna tógfar gártha searbha; fiú an gaiscíoch, beidh sé ag glaoch ar chabhair.
Bí i do thost i láthair an Tiarna Dia! óir tá lá an Tiarna in achmaireacht. Is ea, go deimhin, tá an Tiarna tar éis íobairt a ullmhú agus a chuid aíonna a choisreacan.