Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 30:2

An Bíobla Naofa 1981

“A mhic an duine, tairngir agus abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Caoin: ‘Mairg don lá!’

Féach an chaibidil Cóip

17 Tagairtí Cros  

Déanaigí olagón! óir tá sé i ngar, lá an Tiarna; tá sé chugaibh ina léirscrios ó Dhia na n‑uilechumhacht.

Lig uaill sa gheata! Glaoigh ar chabhair sa chathair! Bíodh scéin ort, a Fhilistía go léir! Óir tá namhaid ag triall aduaidh ina dheatach agus fágálach ní bheidh ina chuid cathlán.

Táthar ag dul suas go teampall Dhíobón, suas ar na hardáin chun caoineadh; ar Neabó agus i Maedabá tá Móáb ag olagón. Tá gach cloigeann bearrtha, gach féasóg lomtha;

Dá dheasca sin, tá muintir Mhóáb ag caoineadh Mhóáb. Tá siad go léir ag caoineadh le chéile, i ndiaidh cístí rísín Chír Harasait tá siad ag mairgneach go cráite.

Fáistine i dtaobh na Tuíre. Caoinigí, a longa Thairsís, mar tá bhur longfort scriosta. Ar a mbealach ó thír Chitím is ea chuala siad an scéala.

Tógaigí oraibh go Tairsís siar, a deir siad, bígí ag mairgneach, a mhuintir an chósta.

Beidh mo sheirbhísigh ag ceol, agus áthas ina gcroí. Ach sibhse, beidh sibh ag éagaoin le doilíos croí, agus ag olagón le hanbhuain anama.

Crioslaígí sibh féin mar sin le sacéadach, caoinigí agus uailligí, mar níor iompaíodh fearg bhorb an Tiarna ar ais uainn.

Is mar seo a deir an Tiarna: “Féach, cé mar éiríonn na huiscí ón tuaisceart; briseann siad ina dtuile thar bruach; báitear an tír agus gach a bhfuil ann, na bailte agus lucht a gcónaithe! Scairteann na fir in ard a gcinn, tá éamh le clos ó áitritheoirí uile na tíre,

Agus ar do cheistiú acu: ‘Cad chuige an mhairg?’, freagroidh tú: ‘Mar gheall ar an drochscéala. Nuair a thiocfaidh sé, caillfidh an uile chroí a mhisneach agus an uile lámh a neart; titfidh gach spiorad i bhfanntais agus gach glúin in ísle brí. Tá sé buailte linn agus rachaidh chun críche - an Tiarna Dia a labhraíonn.’ ”

Tháinig briathar an Tiarna chugam:

Bíodh ceann faoi oraibhse, a fheirmeoirí! Déanaigí olagón, a shaothróirí fíniúna, faoin gcruithneacht agus faoin eorna mar tá fómhar na ngort millte.

Dúisígí, a mheisceoirí, agus goiligí! Déanaigí olagón faoi shú na bhfíniúna, a lucht olta an fhíona, mar nach bhfuil fliuchadh bhur mbéil de ann!

Déanaigí olagón, a áitritheoirí an Mhoirtéir; mar díothófar an lucht trádála go léir agus scuabfar chun siúil lucht meáite uile an airgid.

Déan olagón, a chufróg; óir, tá an céadras tar éis titim, agus tá na mórchumhachtaí basctha. Déan olagón, a dharacha Bháiseán; óir, tá an fhoraois dhíbhealaigh leagtha ar lár.

Féachaigí anseo anois a lucht an tsaibhris, déanaigí gol agus olagón de bharr na dtubaistí atá le teacht sa mhullach oraibh.

agus iad ina seasamh i bhfad amach uaithi le heagla a peannaide, déarfaidh siad: “Is mairg duit, is mairg a chathair mhór, a Bhablóin, a chathair thréan, óir in aon uair amháin tháinig an bhreith ort.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí