Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 30:16

An Bíobla Naofa 1981

Cuirfidh mé tine leis an Éigipt, beidh Sín faoi chlúdach scamaill, réabfar Nó as a chéile, beidh Nof i sáinn ó lá go lá.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

“An briathar a tháinig go Irimia le haghaidh na nGiúdach uile a chónaíonn i gcríoch na hÉigipte atá ag cur fúthu ag Migdeol, Tachpanaes, Nof agus tír Phatros.

Le hiomad do pheacaí agus caimiléireacht do ghnóthaí, thruailligh tú do shanctóirí; bhain mé tine asat le do dhó, rinne mé luaithreach díot ar an talamh os comhair gach duine a chonaic thú.

Seo mar a deir an Tiarna Dia: Scriosfaidh mé fós na híola, cuirfidh mé críoch le híomhánna Nof Fágfar an Éigipt gan taoiseach, scanróidh mé tír uile na hÉigipte.

Bánóidh mé Patros, cuirfidh tine le Zoan, gearrfaidh breithiúnas ar Nó.

Doirtfidh mé díoltas ar Shín, daingean na hÉigipte, coscroidh mé sluaite Nó.

Titfidh macra Ón agus Phí Beisit, leis an gclaíomh, rachaidh mná na gcathracha i mbraighdeanas.

Seolfaidh mé tine ar Mhagóg agus orthu san a chónaíonn faoi shuaimhneas sna hinsí, agus tuigfidh siad gur mise an Tiarna.

Mar, féach, teithfidh siad leo ón léirscrios; cruinneoidh an Éigipt iad, agus tabharfaidh Meimfís adhlacadh dóibh. Beidh neantóga ina n‑oidhrí ar a n‑earraí luachmhara airgid, agus glacfaidh sceacha seilbh ar a scrínte.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí