Triomóidh mé aibhneacha na Níle, díolfaidh an fearann le sladaithe, bánóidh an fearann le sladaithe, bánóidh mé an tír agus a bhfuil inti le cuidiú na gcoimhthíoch. Mise, an Tiarna, a dúirt.
Uime sin - is mar seo a deir an Tiarna: “Tagraímse féin do chúis le go ndéanfar díoltas dearfa ar do shon. Triomóidh mé a habhainn, fágfaidh mé a foinsí tirim.
Labhair agus abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tá mise i d'aghaidh, a Fhorainn, a rí na hÉigipte, a chrogaill mhóir, ag únfairt i lár srutháin na Níle, a deir: ‘Is liomsa féin an Níl, mise a rinne [í].’
Gearradh anuas é ag coimhthígh, an dream is barbartha amuigh, agus caitheadh ar leataobh é. Tá a ghéaga scaipthe ar na sléibhte agus san uile ghleann; tá a bheangáin bhriste ag líonadh gach cumair sa tír; d'imigh gach duine sa tír óna scáth agus thréig é.
Tugann sé iomardú don fharraige agus cuireann sé i ndísc í; triomaíonn sé na haibhneacha go léir. Tá Báiseán agus Cairmeil ag meathlú agus fásra na Liobáine ag feo.
Dhoirt an séú haingeal a shoitheach ar an abhainn mhór, an Eofrataes, agus chuaigh an t‑uisce inti i ndísc, i dtreo go mbeadh bóthar ullamh do na ríthe anoir.
bhladhm fearg an Tiarna in aghaidh Iosrael; thug sé suas do lucht creiche iad agus rinne siadsan iad a chreachadh. Rinne sé iad a reic lena naimhde ina dtimpeall, agus níorbh fhéidir leo an fód a sheasamh ina n‑aghaidh.