Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 3:4

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt sé liom ansin: “A mhic an duine, imigh chuig muintir Iosrael agus labhair mo bhriathra leo.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

agus d'inis mé do na deoraithe ar thaispeáin an Tiarna dom.

Dá bhrí sin, tairngir ina gcoinne, tairngir, a mhic an duine!”

“A mhic an duine,” ar sé, “seolaim thú chuig muintir Iosrael, chuig [na ceannaircigh] a d'éirigh amach i m'aghaidh. Pheacaigh siadsan agus a n‑aithreacha i m'aghaidh go dtí an lá inniu féin.

Is sotalach ceanndána an pobal iad fosta; seolaim chucu thú agus déarfaidh tú leo: ‘Mar seo a labhraíonn an Tiarna Dia.’

Cuirfidh tusa mo bhriathra in iúl dóibh, éistidís nó ná héistidís, mar is ceannairceach an dream iad.

“Dá bhrí sin, a mhic an duine, labhair le muintir Iosrael. Abair leo: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Mhaslaigh bhur n‑aithreacha mé sa rud seo arís trí fheall a imirt orm.

Imigh chuig na deoraithe de do mhuintir féin agus abair leo: ‘Mar seo a deir an Tiarna Dia,’ éistidís nó ná héistidís.”

agus dúirt: “A mhic an duine, ith an scrolla seo a thugaim duit agus sásaigh do ghoile leis.” D'ith mé é agus bhí blas na meala air i mo bhéal.

Níl tú do do sheoladh chuig daoine a labhraíonn teanga dothuigthe iasachta. Is chuig muintir Iosrael atáthar do do chur;

D'fhreagair agus dúirt: “Níor cuireadh mé ach amháin go dtí caoirigh caillte theaghlach Iosrael.”

Ach gheobhaidh sibh neart an Spioraid Naoimh atá le tuirlingt oraibh agus beidh sibh in bhur bhfinnéithe ormsa in Iarúsailéim agus ar fud Iúdáia go léir agus na Samáire agus a fhad le himeall an domhain.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí