Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 3:20

An Bíobla Naofa 1981

Arís, má thréigeann an fíréan a fhíréantacht agus peaca a dhéanamh agus mise constaic a chur sa bhealach roimhe, caillfear é. De bhrí nár thug tú rabhadh dó caillfear é de bharr a pheaca, agus an fhíréantacht a chleacht sé imeoidh sí as cuimhne: ach éileoidh mé a fhuil ortsa.

Féach an chaibidil Cóip

41 Tagairtí Cros  

Rinne Ióáis an ceart i bhfianaise an Tiarna an dá lá dhéag agus an fad a mhair Iahóideá an sagart.

Bhí fearg ar an Tiarna le hAmaiziá agus chuir sé fáidh chuige a dúirt leis: “Cén fáth a ndeachaigh tú i muinín déithe na ndaoine seo, déithe nach bhféadfadh a muintir féin a fhuascailt ó do lámhasa?”

Bíonn mórshuaimhneas ar lucht do dhlí a ghráú; ní bhíonn aon cheap tuisle rompu.

Ach cuir an ruaig ar lucht na camastaíola is ar lucht déanta an oilc. Síocháin go raibh ar Iosrael.

Cuireann sé ina luí ar a aigne nach eol do dhaoine an choir atá déanta aige agus nach fuath leo í.

Fáinne óir nó ornáid d'ór fíre, sin mar atá ceartú críonna i gcluais a éisteann.

Bhíomar go léir ar nós duine atá neamhghlan agus ár ndea-ghníomhartha uile mar ghiobail bhrocacha. Tá muid seargtha ar fad mar bheadh duilleoga, dár siabadh linn ag ár gcionta ar nós na gaoithe.

Eisean an sanctóir agus an ceap tuisle eisean an charraig a bhainfidh leagan as dhá theaghlach Iosrael; é ina shás agus ina ghaiste do mhuintir Iarúsailéim.

Agus ansin tháinig sibh ar mhalairt aigne agus thruailligh sibh m'ainm; thóg gach aon duine agaibh a sclábhaithe ar ais, idir fhir agus mhná, a bhí ligthe saor agaibh ar a dtoil féin, á dtabhairt faoi dhaoirse agaibh arís.’

Dá bhrí sin - mar seo a deir an Tiarna: ‘Cuirfidh mé cip thuislithe roimh an bpobal seo le go dtitfidh siad orthu; an t‑athair agus an mac in éineacht, an chomharsa agus an cara, caillfear iad uile.’ ”

“A mhic an duine, tá a gcroí istigh ag an dream seo sna híola atá acu; breathnaíonn siad le taitneamh ar bhunchúis a n‑urchóide. Ar chóir dom ligean dóibh mo thuairisc a chur ar chor ar bith?

Ach má thréigeann an fíréan a fhíréantacht, agus olc a dhéanamh, agus imeachtaí gránna an drochdhuine a bheith ar siúl aige, an mairfidh sé? Ní bheidh aon trácht ar an bhfíréantacht a chleacht sé; de bhrí gur fheall sé agus gur pheacaigh sé, gheobhaidh sé bás.

Má thréigeann an fíréan a fhíréantacht agus peacú, éagfaidh sé dá bharr; éagfaidh sé de bharr an oilc atá déanta aige.

Má deirim leis an drochdhuine: ‘Tá an bás i ndán duit cinnte’ agus gan tusa rabhadh a thabhairt dó, ná a mhí-iompar a chur ar a shúile don drochdhuine le focal na faire ionas go slánódh sé a bheatha, caillfear é de bharr a pheaca: ach éileoidh mé a fhuil ortsa.

Nuair a thréigeann an fíréan a fhíréantacht agus peacú, éagfaidh sé dá bharr.

“Má fheiceann an garda an claíomh ag teacht, áfach, agus nach séideann an trumpa ionas nach gcuirtear an pobal ar a bhfaichill; agus má thagann an claíomh agus teacht suas le duine amháin acu, gheobhaidh an duine seo bás de bharr a pheaca ach beidh an garda freagrach ina bhás.

Caitheann siad a gcuid airgid sna sráideanna agus is ábhar dímheasa acu a gcuid óir. Ní fhuasclófar iad de thairbhe airgid ná óir lá feirge an Tiarna; níl ar a gcumas seo an t‑ocras a shásamh ná an bolg a líonadh dóibh. Óir ba iadsan ba chionsiocair leis an urchóid acu.

Ná bíodh fuath agat i do chroí do do chomharsa, ach déan a choir a chur ar a shúile dó os ard; fágfaidh sin thú gan peaca a ghabháil ort féin.

(agus na daoine a iompaíonn ón Tiarna agus nach lorgann é agus ar beag orthu é).”

“Má dhéanann do bhráthair peaca i d'aghaidh, gabh chuige á áiteamh air is gan ann ach é agus tú.

Agus bheannaigh Simeon iad agus dúirt le Muire a mháthair: “Feach, is dán dó seo bheith ina thrúig leagtha agus éirithe dá lán in Iosrael agus ina chomhartha a shéanfar -

Ach é siúd sa talamh maith, sin iad na daoine, tar éis dóibh an briathar a chloisteáil le dea-chroí macánta, a choinníonn é agus a thugann toradh uathu trína mbuanseasamh.

Agus deir Dáiví freisin: “Go raibh a bhféasta ina ghaiste dóibh agus ina líon, ina cheap tuisle agus ina shás pionóis dóibh.

ach níl againne á fhógairt ach Críost a céasadh. Col a ghlacann na Giúdaigh leis sin agus is díth céille é dar leis na gintlithe;

ná héist le briathra an fháidh sin ná le haislingeoir na n‑aislingí sin; do bhur bpromhadh atá an Tiarna bhur nDia féachaint an ngránn sibh an Tiarna bhur nDia ó bhur gcroí go hiomlán agus ó bhur n‑anam go hiomlán.

Mairfidh an fíréan seo agamsa de bharr a chreidimh. Ach má thugann sé a chúl leis ní bheidh gnaoi agam air.”

Bígí umhal do bhur gceannairí agus tugaigí aird orthu. Tá togha an aireachais á thabhairt acu do bhur n‑anamacha mar beidh orthu cuntas a thabhairt ionaibh. Féachaigí chuige gurb ábhar áthais dóibh an cúram sin. Óir más ábhar osnaíola dóibh é ní rachaidh sé sin chun sochair daoibhse.

agus “ceap tuisle agus carraig scannail.” Baintear tuisle astu mar nach ngéilleann siad don bhriathar; agus is mar sin a bhí ceaptha dóibh.

Uainne amach a ghabh siad; ach níor linn dáiríre iad riamh; mar dá mba linn dáiríre iad, d'fhanfaidís i gcónaí linn. Ach d'fhág siad sinn le go mba léir nár linn dáiríre iad uile.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí