Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 3:19

An Bíobla Naofa 1981

Más amhlaidh, áfach, go dtabharfaidh tú rabhadh don drochdhuine agus nach dtréigfidh sé a mhí-iompar ná a dhrochimeachtaí, caillfear é de bharr a pheaca; ach slánóidh tusa do bheatha féin.

Féach an chaibidil Cóip

24 Tagairtí Cros  

An té a cheartaítear go minic, ach a chruann a mhuineál, bascfar é go tobann gan fáil ar théarnamh.

dá mbeadh fiú an triúr seo ann, Naoi, Dainéil agus Iób, ní thabharfaidís slán de bharr a bhfíréantachta ach a mbeatha féin amháin - an Tiarna Dia a labhraíonn.

dá mbeadh fiú Naoi, Dainéil agus Iób ann, dar mo bheatha - an Tiarna Dia a labhraíonn - ní thabharfaidís slán de bharr a bhfíréantachta ach a mbeatha féin amháin.

Má deirim leis an drochdhuine: ‘Tá an bás i ndán duit cinnte’ agus gan tusa rabhadh a thabhairt dó, ná a mhí-iompar a chur ar a shúile don drochdhuine le focal na faire ionas go slánódh sé a bheatha, caillfear é de bharr a pheaca: ach éileoidh mé a fhuil ortsa.

Más amhlaidh, áfach, go dtugann tú rabhadh don fhíréan gan peacú agus nach bpeacaíonn sé, slánófar é cinnte, de bhrí gur thug sé aird ar an rabhadh: agus beidh do bheatha féin slánaithe agat chomh maith.

Má fheiceann sé an claíomh ag teacht i gcoinne na tíre, séideadh sé an trumpa leis an bpobal a chur ar a bhfaichill.

Chuala sé an trumpa agus níor thug aird air; beidh sé freagrach ina bhás féin. Ach an fear a thabharfaidh aird, tabharfaidh sé a bheatha slán.

Ach má thugann tú rabhadh don drochdhuine iompú óna aimhleas agus nach n‑iompaíonn sé, gheobhaidh sé bás de bharr a pheaca ach tabharfaidh tusa do bheatha slán.

Dearbhaím daoibh inniu féin, dá bhrí sin, nach bhfuilim freagrach i bhfuil aon duine riamh agaibh,

gan éagóir ná calaois a dhéanamh ar bhráthair i gcúis dlí, mar go n‑agraíonn an Tiarna na nithe sin uile ar dhaoine faoi mar a dúramar agus mar a dhearbhaíomar daoibh cheana.

Tabhair aire duit féin agus do do theagasc. Lean den obair, mar má dhéanann tú amhlaidh, sábháilfidh tú thú féin agus do lucht éisteachta.

Féachaigí chuige nach ndiúltóidh sibh éisteacht leis an té atá ag labhairt libh. Óir más rud é nár éalaigh na daoine sin slán a dhiúltaigh éisteacht leis an té a thug foláireamh dóibh ar talamh is lú go mór ná sin an chaoi éalaithe a bheidh againne má thugaimid ár gcúl leis an té a thugann foláireamh dúinn ó neamh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí