Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 3:17

An Bíobla Naofa 1981

“A mhic an duine, tá tú ceaptha agam mar fhear faire do mhuintir Iosrael. Nuair a chloisfidh tú focal uaimse tabhair rabhadh dóibh thar mo cheann.

Féach an chaibidil Cóip

29 Tagairtí Cros  

Cibé aighneas a chuirfear faoi bhur mbráid ó bhur mbráithre atá ag cur fúthu ina gcathracha - is cuma an ceist faoi éiric fola é nó faoin dlí, nó faoi aithne nó ordú, nó reacht - ní foláir daoibh iad a theagasc sna cúrsaí sin i dtreo nach mbeidh siad ciontach i láthair an Tiarna, agus nach dtiocfaidh a fhearg oraibh féin agus ar bhur mbráithre. Déanaigí amhlaidh agus ní bheidh sibh ciontach.

Theagmhaigh liom na gardaí ar a gcuairteanna tríd an mbaile: “An bhfaca sibh grá mo chroí?”

Theagmhaigh liom na gardaí ar a gcuairteanna tríd an mbaile. Bhuail siad mé, agus ghoin, srac siad díom mo bhrat, lucht faire an bhaile.

Óir seo an rud a dúirt an Tiarna liom: “Gabh agus cuir fear i mbun faire, fógraíodh sé an méid atá le feiceáil aige.

Scairt an fear faire ansin: “Ar thúr na faire, a Thiarna, tá mé i mo sheasamh an lá ar fad, agus oíche in aghaidh na hoíche i mbun mo gharda.

Éist! Tá do lucht faire ag ardú a nglór, ag liúireach le háthas in éineacht, óir is léir dóibh lena súile cinn an Tiarna ag filleadh ar Shíón.

Ár lucht faire, tá siad ar fad dall, ní léir dóibh dada! Madaí balbha iad go léir, nach féidir leo tafann. Ag brionglóideach atá siad, ina luí fúthu, a ndúil sa chodladh.

Glaoigh amach in ard do chinn, na coinnigh siar é, ardaigh do ghlór mar a bheadh adharc á séideadh. Taispeáin do mo phobal a gcoireanna agus do theaghlach Iacóib a bpeacaí.

Ar do mhúrtha, a Iarúsailéim, tá lucht faire i gceann poist agam nach dual tost dóibh de lá ná d'oíche; Sibhse a mheabhraíonn ár gcás don Tiarna,

Ach dúirt an Tiarna liom: “Ná habair, ‘Is leanbh mé.’ Téigh anois chuig gach duine chuig a gcuirfidh mise thú, agus cibé ní a ordóidh mise duit, déarfaidh tú é.

Sea, tiocfaidh an lá a bhfógróidh an lucht faire ar shléibhte Eafráim: ‘Éirígí! téimis suas go Síón, chun an Tiarna, ár nDia féin.’

Cé leis a labhróidh mise, cé dhó a dtabharfaidh mé rabhadh le go gcluine siad? Is follas go bhfuil a gcluasa dúnta, ní fhéadann siad éisteacht. Is follas gur suarach leo briathar an Tiarna, níl dúil acu ann.

Chuir mé fir faire ar mhaithe leo: éistigí le glor an stoic! Ach dúirt siadsan: ‘Ní éisteoimid.’

agus d'inis mé do na deoraithe ar thaispeáin an Tiarna dom.

Dá bhrí sin, tairngir ina gcoinne, tairngir, a mhic an duine!”

Cuirfidh tusa mo bhriathra in iúl dóibh, éistidís nó ná héistidís, mar is ceannairceach an dream iad.

Seasfaidh mé ar mo thúr faire; glacfaidh mé m'ionad ar mo rampar, agus beidh mé ar m'fhaichill ansin féachaint céard a déarfaidh sé liom, nó cén freagra a thabharfaidh sé ar mo chasaoid.

Ansin labhair Hagaí, teachtaire an Tiarna, leis an bpobal de réir ordú an Tiarna, á rá: “Táimse in bhur dteannta, a deir an Tiarna.”

Nuair a chonaic sé mórán de na Fairisínigh agus de na Sadúcaigh ag teacht chun baisteadh chuige, dúirt sé leo: “A sceith na bpéisteanna, cé thug leid daoibhse teitheadh ón díbheirg atá le teacht?

San eaglais tá daoine áirithe ceaptha ag Dia ina n‑aspail sa chéad áit; sa dara háit tá na fáithe; sa tríú háit tá na múinteoirí; ansin tá lucht míorúiltí agus ina ndiaidh sin tá lucht leighis, lucht freastail, lucht stiúrtha, agus lucht teangacha éagsúla.

Ní ag iarraidh sibh a náiriú atáim ag scríobh na nithe seo ach ag tabhairt comhairle bhur leasa daoibh mar gur sibhse mo chlann mhuirneach féin.

Tuigimid cad is eagla Dé ann agus déanaimid áiteamh dá réir ar dhaoine. Is follas do Dhia ár meon agus tá súil agam gur follas do bhur gcoinsias-sa freisin é.

Dá réir sin is ambasadóirí thar ceann Chríost sinne mar gur trínne atá Dia ag achainí. Is é a impímid oraibh in ainm Chríost athmhuintearas a dhéanamh le Dia.

Sin é an Críost a bhímidne a fhógairt: bímid ag tabhairt comhairle agus teagaisc do chách le barr eagna, d'fhonn an uile dhuine a thabhairt chun foirfeachta i gCríost.

Mairigí le chéile go síochánta. Impímid oraibh, a bhráithre, foláireamh a thabhairt do na daoine neamhchúiseacha, na daoine faiteacha a spreagadh, cabhrú leis na laga agus bheith foighneach le cách uile.

Bígí umhal do bhur gceannairí agus tugaigí aird orthu. Tá togha an aireachais á thabhairt acu do bhur n‑anamacha mar beidh orthu cuntas a thabhairt ionaibh. Féachaigí chuige gurb ábhar áthais dóibh an cúram sin. Óir más ábhar osnaíola dóibh é ní rachaidh sé sin chun sochair daoibhse.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí