Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 3:1

An Bíobla Naofa 1981

“A mhic an duine” ar sé, “ith mar a thairgtear duit, caith siar an scrolla seo agus imigh agus labhair le muintir Iosrael.”

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

“A mhic an duine,” ar sé, “seolaim thú chuig muintir Iosrael, chuig [na ceannaircigh] a d'éirigh amach i m'aghaidh. Pheacaigh siadsan agus a n‑aithreacha i m'aghaidh go dtí an lá inniu féin.

Tháinig mé go Téil Áibíb chuig na deoraithe a bhí ag cur fúthu ar bhruach na habhann Ceabár. D'fhan mé ansin ina measc ar feadh seacht lá agus mé an-chorraithe.

Caith do dhúthracht leis na nithe sin agus bí ag gabháil dóibh chun go mba léir do chách an dul chun cinn atá á dhéanamh agat.

Dúirt mé ansin: ‘Féach, táim ag teacht, a Dhia chun do thoil a dhéanamh,’ faoi mar atá sé scríofa fúm sa Leabhar.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí