Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 29:2

An Bíobla Naofa 1981

“A mhic an duine, iompaigh i dtreo Fhorainn, rí na hÉigipte, agus tairngir ina éadan agus in éadan na hÉigipte uile.

Féach an chaibidil Cóip

17 Tagairtí Cros  

Chugatsa atáim, a thír na sciathán seabhránach, ar an taobh thall d'aibhneacha Chúis,

Fáistine i gcoinne na hÉigipte. Seo an Tiarna ag teacht, ag marcaíocht go mear ar scamall; chun na hÉigipte atá a thriall. Tá íola na hÉigipte ar crith roimhe, tá tuirse chroí ar mhuintir na hÉigipte.

Ghlac mise an cupán as láimh an Tiarna agus thug mé ar na ciníocha uile chuig ar chuir an Tiarna mé, a ól,

Is mar seo a deir an Tiarna: Féach, tabharfaidh mé Forann Hofra rí na hÉigipte i láimh a namhad agus i láimh na droinge a iarrann a bhás, díreach mar a thug mé Zidicíá rí Iúdá i láimh Nabúcadnazar rí na Bablóine, a namhaid a d'iarr a bhás.’ ”

“A mhic an duine, iompaigh ó dheas; labhair amach in aghaidh an deiscirt; tairngir in aghaidh fhoraois Neigib.

“A mhic an duine, iompaigh i dtreo na nAmónach agus tairngir ina n‑éadan.

Tháinig briathar an Tiarna chugam:

“A mhic an duine, iompaigh i dtreo shléibhte Iosrael agus tairngir ina gcoinne.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí