Teilgfidh siad síos thú go Seól, agus gheobhaidh tú anbhás i gceartlár na farraige móire.
An dtiocfaidh siad seo síos liom go Seól? Nó an sínfear iad síos in éineacht liom sa pholl?
Déanann sé a bheo a chosaint ar an uaimh, Agus a anam a shábháil ó Sheól.
D'fhuascail sé m'anam ó dhul síos san uaimh, Agus beidh mo shaol faoi sholas.”
Le Dáiví. 1 Ortsa, a Thiarna, a screadaim, éist liom, a charraig. Mura n‑éisteann tú beidh mé mar dhuine a ghabhann síos san uaigh.
Is ortsa, a Thiarna, a ghlaoigh mé, chun Dé a chuir mé m'achainí. “Cén tairbhe mo bhás má ghabhaim sa pholl?
Ba chairde cléibh sinn a shiúil in éineacht in áras Dé.
Caith do chúram ar an Tiarna agus déanfaidh sé taca duit; ní leomhfaidh sé go mbainfear barrthuisle as an bhfíréan go brách.
Déanaimis iad a shlogadh ina mbeatha mar a dhéanfadh Seól, iad a shlogadh hólasbólas mar iad siúd a théann sa chuithe.
An té ar a bhfuil fuil duine eile, beidh sé ina theifeach go bás; ná tabhair cabhair dó.
Ach féach, tá tú caite síos go Seól, go híochtar an duibheagáin féin.”
Óir an donas seo, tá sé á chlaochlú ina shéan; is tú a shábháil mé ar dhuibheagán an neamhní, óir chaith tú ar do chúla mo pheacaí go léir.
Déanfar creach de do shaibhreas agus éadáil de d'earraí; réabfar do bhallaí agus scriosfar do thithe breátha, teilgfear do chlocha, do chláir adhmaid agus fiú do bhruscar cré, i lár na farraige.
Tá tú scriosta anois ag na huiscí, i ndoimhneacht na farraige móire; tá do lasta agus d'fhoireann báite mar aon leat féin.
An ndéarfaidh tú fós: ‘Is dia mé,’ i láthair lucht do mharfa? Ní hea, is duine thú agus ní dia, agus tú i lámha marfóirí!