Rinne tú Eadóm a chloí agus anois tá éirí in airde ort. Bí ag maíomh as do ghaisce, ach fan sa bhaile. Cad ab áil leat ag cothú tranglaim a dhéanfadh thú féin agus Iúdá a scrios?”
Deir tú: ‘Féach ormsa, an té a chloígh Eadóm,’ agus anois tá éirí in airde ort. Bí ag maíomh as do ghaisce ach fan sa bhaile. Cad ab áil leat ag cothú tranglaim a dhéanfadh thú féin agus Iúdá a scriosadh?”
Uime sin déanfaidh Dia do scriosadh agus do mhilleadh go deo. Sracfaidh sé as do bhoth amach thú agus bainfidh sé amach ó fhréamh thú as talamh na mbeo.
Ar eagla go mbeinn sách agus go séanfainn thú, agus go ndéarfainn: “An Tiarna? - cé hé féin?” Nó go mbeinn bocht agus go ndéanfainn goid, agus go maslóinn ainm mo Dhé.
Ba í seo ciontacht Shodom, do dheirfiúr, agus a hiníonacha: bhí siad díomasach, craosach, tugtha don sámhas, ach níor tháinig i gcabhair ar an mbochtán ná ar an ainniseoir.
D'éirigh do chroí teann as do scéimh, thruailligh tú do ghaois mar gheall ar do niamhracht. Theilg mé síos go talamh thú, nocht mé thú os comhair ríthe ionas go mbainfidís lán na súl asat.
“A mhic an duine, abair le prionsa na Tuíre: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Dúirt tú le teann mórchúise: Is dia mé, suím in ionad Dé i lár na farraige. Cé gur duine thú agus nach dia, measann tú bheith ar aon chéim le Dia.
Tabhair foláireamh dóibh siúd a bhfuil flúirse de mhaoin an tsaoil seo acu, gan bheith mórálach astu féin agus gan a muinín a chur i saibhreas díomuan ach i nDia a chuireann gach ní ar fáil dúinn go fial go mbainfimis só as.