Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 28:4

An Bíobla Naofa 1981

Le gaois agus le tuiscint ghnóthaigh tú saibhreas; chruinnigh tú ór agus airgead i do chistí.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

A mhaoin is cathair thréan don saibhir; is balla ard í, dar leis.

Rud eile fós a chonaic mé abhus faoi luí na gréine: ní hiad na luatha a bhuann an rás, ná na croíthe crua a bhriseann cath, ná na saoithe a fhaigheann an bia, ná lucht na tuisceana a chnuasaíonn an saibhreas, ná an t‑aos léinn a thuilleann fabhar, mar tá siad go léir faoi chumhacht na drochuaire agus na cinniúna.

Óir dúirt sé: “Le neart mo láimhe a rinne mé é, agus le mo ghaois, mar is mé atá críonna: chuir mé críocha náisiún ar ceal, agus rinne mé slad ar a stór. Chaith mé a lucht cónaithe ar a mbéal faoi sa láib

Maíonn tú as do ghleann, a chailín mhístuama! Go teann agus go dána deir tusa: ‘Cé thiocfadh dom ionsaíse?’

Nuair a tháinig do lastaí i dtír chothaigh tú a lán daoine; shaibhrigh tú ríthe an domhain le méid do mhaoine is d'earraí.

Labhair agus abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tá mise i d'aghaidh, a Fhorainn, a rí na hÉigipte, a chrogaill mhóir, ag únfairt i lár srutháin na Níle, a deir: ‘Is liomsa féin an Níl, mise a rinne [í].’

Dá thoradh sin ofrálann siad íobairt dá líon, agus dónn siad túis dá saighean; mar, a bhuíochas orthu siúd, bíonn saol na bhfuíoll acu agus flúirse bia.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí