Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 27:8

An Bíobla Naofa 1981

Ba de mhuintir Shíodóine agus Arvad do rámhaithe; bhí do shaoithe ar bord, a Thuír, mar lucht stiúrtha.

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Ghin Canán Síodón a chéad mhac, agus Héat,

na hArvadaigh, na Zamáraigh, agus na Hamátaigh. Ina dhiaidh sin, leath treibheanna na gCanánach amach.

Beidh cónaí ar Zabúlun cois na farraige; beidh sé ina fhoscadh ag loingeas agus beidh imeall a chríoch i gcóngar Shíodón.

Bhí [ceithre] mhíle mainséar agus dhá mhíle dhéag capall ag Solamh dá charbaid.

Don chabhlach seo chuir Híorám fir dá chuid a bhí eolgaiseach ar chúrsaí mara chun seirbhís a dhéanamh le fir Sholaimh.

na hArvádaigh, na Zamáraigh, na Hamátaigh.

Nach ionann Hamát agus Arpád? nó an tSamáir agus an Damaisc?

I dtaobh na Damaisce: “Tá mearbhall ar Hamát, mar an gcéanna le hArpad; chuala siad drochscéala. Tá a gcroí [breoite le teann eagla]. Ní féidir iad a shuaimhniú.

Bhí fir Arvad le do shlua ar do bhallaí máguaird agus fir Ghamád i do thúir. Chrochaidís a sciath ar do bhallaí máguaird; thug siad do scéimh chun foirfeachta.

Nuair a sheolfaidh scread na mairnéalach ina gcluasa, crithfidh muintir na gcóstaí.

“A mhic an duine, iompaigh i dtreo Shíodóine agus tairngir ina héadan.

Thug an Tiarna ar láimh d'Iosrael iad; bhriseadar orthu agus chuadar sa tóir orthu siar chomh fada le Síodón Mhór agus Misreafot Maím agus soir chomh fada le Gleann Mhizpeá. Bhíodar á bpleancadh go dtí nár fágadh fear inste scéil díobh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí