Leath Solamh a chumhacht thar na ríochtaí go léir ón Abhainn go tír na bhFilistíneach agus go teorainn na hÉigipte. Thug siad cíos chuig Solamh agus rinne siad seirbhís dó gach lá dá shaol.
Cuir chugam adhmad céadair, cufróige, agus algum ón Liobáin, mar tá fhios agam go bhfuil do shearbhóntaí oilte ar leagan crann sa Liobáin. Déanfaidh mo shearbhóntaíse comhar le do shearbhóntaíse.
Tar as an Liobáin, a bhrídeach, tar as an Liobáin isteach. Féach anuas ó mhullach Amáná, ó mhullach Sheinír agus Hearmón, ó fhásach na leon, ó shliabh na liopard.
Na crainn ghiúise féin, tá lúcháir orthu as do chás, tá agus ar chéadrais na Liobáine: “Óir thit tusa ar lár,” arsa siad, “ní thagann aon duine aníos dár leagan.”