Sibhse uile a thriallann thar bráid, breathnaígí agus féachaigí an bhfuil aon bhrón mar mo bhrónsa - mar an gcumha atá ag criathairt mo chroí, a chuir an Tiarna féin orm, ar lá a dhíbheirge fíochmhaire.
Cá bhfaighidh mé do leithéid nó do shamhail, a iníon Iarúsailéim? Cad leis a samhlóinn thú chun tú a shólású, a iníon ógh Shíón? Óir, tá do scrios chomh leathan leis an bhfarraige. Cé a fhéadfaidh thú a leigheas?
Déanfar creach de do shaibhreas agus éadáil de d'earraí; réabfar do bhallaí agus scriosfar do thithe breátha, teilgfear do chlocha, do chláir adhmaid agus fiú do bhruscar cré, i lár na farraige.
Tógfaidh siad olagón ar do shon agus déarfaidh leat: ‘Níl rian díot fágtha ar na farraigí, a chathair iomráiteach, a bhí láidir tráth ar an bhfarraige, tú féin agus d'áitritheoirí a raibh an tír mhór uile scanraithe agaibh.
“A mhic an duine, caoin rí na Tuíre agus abair leis: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Rug tú craobh na foirfeachta leat le feabhas do ghaoise, agus le maise do scéimhe;