Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 27:20

An Bíobla Naofa 1981

Bhí Déadán ag trádáil leat i gcídeoga capaill.

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Clann mhac Chúis: Sabá agus Havalá agus Sabtá agus Rámá agus Sabtacá. Clann mhac Rámá: Seabá agus Deadán.

Ba é Iocseán athair Shéabá agus Dadán. Ba iad clann Dadán: na hAisiúraím agus na Latúisím agus na Leumaím.

dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Sínfidh mé mo lámh amach in éadan Eadóm agus coscróidh mé idir dhuine agus bheithíoch. Bánóidh mé an tír; titfidh fir leis an gclaíomh ó Théamán go Déadán.

Bhí fir Dhéadán ina gceannaithe agat; bhí margaí mórán oileán faoi do réir; d'íoc siad thú le starrtha eabhair is éabainn.

Thug Dán agus Iáván, ó Úzál amach, iarann buailte, caisia agus calmas duit ar d'earraí.

Seabá agus Déadán, ceannaithe Thairsís agus a gcoileáin leon uile, fiafróidh siad díot: ‘An ar lorg creiche a tháinig tú? Ar thionóil tú na sluaite le héadáil a ghlacadh, le hairgead agus ór a bhreith leat, le heallach agus earraí a sciobadh agus creach mhór a ghabháil?’




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí