Bhí fir Arvad le do shlua ar do bhallaí máguaird agus fir Ghamád i do thúir. Chrochaidís a sciath ar do bhallaí máguaird; thug siad do scéimh chun foirfeachta.
Túr Dháiví do mhuineál, daingean cosanta, míle sciath ar crochadh air, éide chatha na gcuradh.
“Bhí fir na Peirse, Lúd agus Pút, ar do shlua gaiscíoch; chrochaidís an sciath agus an ceannbheart ionat; chuiridís le do dhea-chlú.
Bhí Tairsís ag trádáil leat mar gheall ar mhéid do shaibhris. Malartaíodh airgead, iarann, stán agus luaidhe ar d'earraí.
Ba de mhuintir Shíodóine agus Arvad do rámhaithe; bhí do shaoithe ar bord, a Thuír, mar lucht stiúrtha.