Maróidh sé d'iníonacha leis an gclaíomh ar tír mhór; déanfaidh sé balla léigir i do choinne, tógfaidh sé móta cré i do choinne agus caithfidh suas sciath chosanta i do choinne.
[Tháinig na fir go léir a bhí le Ioáb] agus chuir siad léigear air in Ábael Béit Mácá. Thóg siad port cré in aghaidh na cathrach, ansiúd i gcoinne na múrtha, agus chrom siad ar na ballaí a thuargan agus a leagan.
Féach, na mótaí ag teacht i ngar don chathair le haghaidh a gabhála! Tabharfaidh an claíomh, an gorta agus an phlá an chathair i láimh na gCaildéach. An rud a dúirt tú tá sé tagtha i gcrích anois, feiceann tú é.
Sa naoú bliain dá réimeas, sa deichiú mí ar an deichiú lá den mhí tháinig Nabúcadnazar rí na Bablóine, é féin agus a shlua uile, chun ionsaí a dhéanamh ar Iarúsailéim; shuigh sé a champa ina haghaidh agus thóg crémhótaí ina timpeall.
Óir is mar seo a deir Tiarna na Slua: “Gearraigí síos na crainn, tógaigí móta in aghaidh Iarúsailéim; is í Cathair na mBréag í, gan inti ina lár ach leatrom.
Is cine iad a dhéanann fonóid faoi ríthe, agus gáire faoi phrionsaí, agus beag is fiú den uile dhún. Carnann siad cré ina dtimpeall agus gabhann siad seilbh orthu.