Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 26:4

An Bíobla Naofa 1981

Réabfaidh siad ballaí na Tuíre, brisfidh siad anuas na túir inti; scríobfaidh mé an chré uaithi agus fágfaidh ina carraig nocht í.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Shín an Tiarna amach a lámh os cionn na farraige agus chroith sé a cuid ríochtaí; thug sé an t‑ordú go scriosfaí dúnfoirt Chanán.

Dreapaigí suas ar a sraitheanna: Scriosaigí! Críochnaígí ar fad í! Bainigí anuas di a briongláin, ní leis an Tiarna iad.

Déanfar creach de do shaibhreas agus éadáil de d'earraí; réabfar do bhallaí agus scriosfar do thithe breátha, teilgfear do chlocha, do chláir adhmaid agus fiú do bhruscar cré, i lár na farraige.

Réabfaidh sé do bhallaí lena reithe cogaidh, leagfaidh sé do thúir lena oird mhóra.

teilgfidh mé tine síos ar bhalla na Tuíre a dhófaidh go talamh a páláis.

Tá an Tuír tar éis daingean a thógáil di féin, agus airgead a charnadh mar dheannach, agus ór a chnuasach mar lathach na sráideanna.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí