Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 26:21

An Bíobla Naofa 1981

Déanfaidh mé uafás díot; ní mhairfidh tú níos mó. Cé go mbeifear ar do lorg ní bheidh teacht ag aon duine ort choíche arís - an Tiarna Dia a labhraíonn.”

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Ag gabháil thar bráid dom athuair bhí sé imithe; chuaigh mé á lorg ach ní raibh sé le fáil.

Óir is mar seo a deir an Tiarna: ‘Déanfaidh mé uafás díot, tú féin agus do chairde uile; titfidh siad le claíomh a naimhde; feicfidh do shúile féin é sin. Tabharfaidh mé Iúdá uile freisin i láimh rí na Bablóine; tabharfaidh sé i mbraighdeanas iad chun na Bablóine agus maróidh sé iad leis an gclaíomh.

á rá: ‘Is mar seo a rachaidh an Bhablóin in íochtar, agus ní éireoidh sí choíche ón olc a thabharfaidh mise uirthi.’ ” Deireadh anseo le briathra Irimia.

Tháinig briathar an Tiarna chugam:

Tá aos trádála na gciníocha ag fonóid fút; tháinig deireadh tubaisteach leat agus ní bheidh tú ann arís choíche.’ ”

Is uafás thú ag do lucht aitheantais uile; is tubaisteach an chríoch a d'imigh ort; ní bheidh tú ann arís choíche.”

Ansin thóg aingeal tréan carraig mar lia mór bró agus chaith sé isteach san fharraige í á rá: “Mar sin is ea a theilgfear an Bhablóin, an chathair mhór, chun láir d'aon iarracht, gan fáil uirthi feasta.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí