Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 26:19

An Bíobla Naofa 1981

“Seo mar a deir an Tiarna Dia: Nuair a scriosfaidh mé thú mar chathair agus tú a fhágáil amhail cathracha gan lucht cónaithe iontu, nuair a thabharfaidh mé an t‑aigéan aníos os do chionn agus nuair a chlúdóidh na huiscí móra thú;

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, a Thuír, tá mise i do choinne. Tabharfaidh mé ar mhórán ciníocha éirí i do choinne nuair a choipeann an fharraige na tonnta.

Rámhaigh do rámhaithe thú amach ar an bhfarraige mhór. Bhris an ghaoth anoir thú i gceartlár na farraige.

Dúirt sé liom: “A mhic an duine, an féidir anam a theacht sna cnámha seo?” “Is agatsa atá a fhios sin, a Thiarna Dia,” arsa mise.

Lean sé air ag caint liom: “Na huiscí a chonaic tú mar a bhfuil an striapach ina suí, pobail agus slóite iad, agus ciníocha agus teangacha.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí