“Seo mar a deir an Tiarna Dia leis an Tuír: Nach rachaidh na hinsí ar crith le tormán do thitime, le cneadach na ndaoine gonta, agus leis an ár istigh?
Imígí libh faoi scailpeacha na gcarraig, isteach i bpluaiseanna an talaimh, ar aghaidh scéin an Tiarna agus maise a mhórgachta, nuair a éiríonn sé chun an talamh a chroitheadh.
Beidh a oiread capall aige go gclúdóidh an deannach thú; beidh do bhallaí ar crith agat le tormán an mharcshlua, na rothaí agus na gcarbad, agus é ag teacht isteach an geata amhail fear a thagann isteach i gcathair a cuireadh faoi chois.
Déanfaidh mé uafás díot; ní mhairfidh tú níos mó. Cé go mbeifear ar do lorg ní bheidh teacht ag aon duine ort choíche arís - an Tiarna Dia a labhraíonn.”
Chuir mé na ciníocha ar crith le callán a thitime nuair a theilg mé síos é go Seól ina gcuideachta siúd a théann síos sa pholl. Sa réigiún thíos ghlac crainn uile Éidin sólás, crainn uaisle áille uile na Liobáine a chothaítí lé huisce.
Cuirfidh mé scéin ar a lán daoine mar gheall ort, agus uafás ar ríthe i do thaobh nuair a nochtfaidh mé mo chlaíomh os a gcomhair. Creathnóidh siad gan stad lá do thurnaimh agus eagla an bháis ar an uile dhuine acu.