Dúirt sé: “Ná bíodh lúcháir ort níos mó, a mhaighdean ar a ndearnadh éigean, a iníon Shíodóine! Dá n‑éireofá agus triall anonn go Citím; thall ansin fiú, níl scíth i ndán duit ach oiread.”
Níl ar a n‑aire ach cláirseacha agus cruitcheol, bodhráin agus feadóga, agus fíon a gcuid meisceoireachta. Ach obair an Tiarna, is beag a n‑aird uirthi, agus a bhfuil á dhéanamh aige, imíonn sé gan fhios dóibh.
Óir is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Coscfaidh mé anois in bhur radharc, in bhur laethanta féin, guth na súgachta agus na lúcháire, guth an fhir nuaphósta agus na brídeoige.
Coscfaidh mé guth an tsubhachais agus na lúcháire, glór an fhir nuaphósta agus na brídeoige i mbailte Iúdá agus i sráideanna Iarúsailéim, óir déanfar fásach den dúiche ar fad.”
bhí tú in Éidin, i ngairdín Dé. Bhí gach sort seoide i ndéantús do chloca, sard, tópas, diamant, criosailít, beiril, oinisc, saifír, carmhogal, smaragaid; ba as ór a rinneadh do thiompáin agus do phíbeanna. Gléasadh an t‑iomlán an lá ar cruthaíodh thú.
Ar an ábhar sin, tógfaidh mé ar ais arís m'arbhar ina ionú agus m'úrfhíon ina thráth; bainfidh mé di m'olann agus mo líon, a gclúdaíodh sí a nochtacht leo.