Déanfar creach de do shaibhreas agus éadáil de d'earraí; réabfar do bhallaí agus scriosfar do thithe breátha, teilgfear do chlocha, do chláir adhmaid agus fiú do bhruscar cré, i lár na farraige.
Bhí saibhreas agus clú go raidhsiúil ag Hiziciá. Thóg sé cistí dó féin i gcomhair a chuid airgid agus óir agus cloch lómhar, agus spíosraí, agus sciath, agus seod de gach sórt.
In earrach na bliana chuir Nabúcadnazar fios air agus thug go dtí an Bhablóin é le gréithe luachmhara Theampall an Tiarna, agus cheap sé Zidicíá, a dheartháir, ina rí ar Iúdá agus ar Iarúsailéim.
Uailligí a thréadaithe na gcaorach, éimhigí, únfairtigí ar an talamh, a thiarnaí na dtréad, óir tá laethanta bhur n‑eirligh ar láimh, fearacht na reithí is deise, titfidh sibh.
Cé gur fhás sí suas go borb i measc a muintire, tiocfaidh an ghaoth anoir uirthi, gaoth an Tiarna a éireoidh ón bhfásach; agus triomófar a foinse agus rachaidh a tobar i ndísc. (Creachfaidh sí a chuid maoine agus a earraí luachmhara uile.)
Ar an ábhar sin, de bhrí go satlaíonn sibh ar an mbochtán, agus go gcuireann sibh ainchíos cruithneachta air, na tithe sin a thóg sibh le clocha snoite ní chónóidh sibh iontu; na fíonghoirt thaitneamhacha a chuir sibh ní ólfaidh sibh a bhfíon.
Ach scaip mé chun fáin iad i measc na náisiún uile nach raibh aithne acu orthu; agus tar éis dóibh imeacht bánaíodh an tír sa chaoi nach raibh duine ná deoraí ag gabháil anonn agus anall inti. Ar an gcuma sin rinne siad fásach folamh dá ndúiche álainn.”