Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 26:11

An Bíobla Naofa 1981

Satlóidh crúba a chuid capall ar do shráideanna uile, maróidh sé do mhuintir leis an gclaíomh, agus teilgfidh do cholúin ollmhóra síos go talamh.

Féach an chaibidil Cóip

5 Tagairtí Cros  

d'ísligh sé an dream a bhí ina gcónaí ar na harda, muintir an dúnfoirt daingin, leagann sé iad, leagann iad ar lár, caitheann sé síos iad sa láib;

Tá faobhar i gceart ar a shaigheada agus tá na boghanna uile rite aige; is crua ná scileach crúba a chuid capall, agus rothaí a charbad ar nós guairneán gaoithe.

Brisfidh sé oibilisc Theampall na Gréine ag On agus dófaidh go talamh teampaill dhéithe na hÉigipte.’ ”

“Cuirigí an bratach ar foluain ar fud an domhain; séidigí an stoc i measc na náisiún, ullmhaígí na náisiúin ina haghaidh; gairigí ar na ríochtaí i gcionn a chéile ina héadan: Ararat, Minní, Aisceanáz; glaoigh rolla a naimhde, a cheannfoirt! Ordaígí don mharcshlua teacht suas, go colgach ar nós na lócaistí.

Tá a gcapaill níos mire ná liopaird; is fíochmhaire iad ná mic tíre na steipe. Siúd ar aghaidh lena n‑eachra ar cosa in airde; is ó áit i bhfad ar shiúl a thagann siad, ar nós iolair a thugann ruathar anuas chun a chreach a alpadh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí