Sa seachtú bliain, ar an deichiú lá den chúigiú mí, tháinig dream de shinsir Iosrael chun dul i gcomhairle leis an Tiarna agus shuigh síos os mo chomhair.
“A mhic an duine, de bhrí go ndúirt an Tuír go fonóideach i gcoinne Iarúsailéim: ‘Tá geata na gciníocha briste, tá sé ar oscailt romham, beidh mo sháith agamsa anois ó tá sé scriosta,’
Do shaibhreas, d'earraí, do lasta, d'fhoireann, do mhairnéalaigh, do chalcairí, do cheannaithe, do fhir chogaidh atá ar bord, agus do chomhluadar uile; rachaidh siad uile go tóin poill i gceartlár na farraige lá do longbhriste.
Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca na Tuíre, in éiric a ceithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí gur dhíbir siad cine iomlán mar bhránna go hEadóm agus nár chuimhin leo conradh na mbráithre,