Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 25:3

An Bíobla Naofa 1981

Abair leis na hAmónaigh: Éistigí le briathar an Tiarna Dia. Seo mar a deir an Tiarna: De bhrí go ndúirt tú: ‘Há! Há!’ ag baint sult as truailliú mo shanctóra, as bánú thír Iosrael agus as deoraíocht mhuintir Iúdá;

Féach an chaibidil Cóip

16 Tagairtí Cros  

Deir siad, agus a mbéal ar leathadh acu: “Há, há! Nach bhfacamar féin é!”

Masla don chruthaitheoir is ea fonóid faoin mbocht; an té a gháireann faoin ainnise, ní rachaidh sé gan phionós.

Is cuimhin le Iarúsailéim anois a laethanta angair agus fáin, nuair a thit a muintir lena naimhde agus gan cabhróir dá laghad acu. Bhíodh a heascairde ag baint lán na súl aisti; ábhar scige dóibh ab ea a turnamh.

Déan áthas agus gairdeas, a iníon Eadóm, tusa, a chónaíonn i dtír Úz; sínfear an cupán chugatsa chomh maith; beidh tú ar meisce agus caithfidh tú díot anuas.

Dar le muintir na cathrach, iadsan a thug mionna, is fáistine bhréige í. Ach cuirfidh seisean a gcionta i gcuimhne dóibh ionas go ngabhfar iad.

“Seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí go raibh tú ag bualadh bos agus ag rince le háthas agus an t‑olc istigh agat do thír Iosrael,

“Seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí go ndúirt Móáb agus Saeír, féach, tá muintir Iúdá ar aon dul leis na ciníocha eile;

Seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí gur mhaslaigh an namhaid sibh, á rá go fonóideach: ‘Is linne anois na sléibhte cianaosta seo’,

Ná bíodh lúcháir ort, a namhaid liom, mar gheall ormsa; fiú má mhairim sa dorchadas is é an Tiarna féin mo sholas.

“Chuala mé madaí Mhóáb agus cáineadh chlann Amón a thug aithis do mo phobal agus a rinne maíomh in aghaidh mo thíre féin,

Nuair a chuireadh Iosrael síol, thagadh Midián fara Amáiléic agus treibheanna an Oirthir, agus d'ionsaídís iad;




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí