Óir is fada leac teallaigh ullamh cois Toifit, agus ullamh le haghaidh Mhoilic chomh maith, clais dhomhain leathan, lán cocháin agus adhmaid, agus anáil an Tiarna ag cur tine leis, mar a bheadh rabharta ruibhe ann.
Tréigfidh sé a dhúnfort le tréan eagla agus fágfaidh a thaoisigh an meirge le barr scéine. Fáistine é seo ón Tiarna féin a bhfuil tine ar lasadh aige i Síón agus foirnéis aige in Iarúsailéim.
Abair le foraois Neigib: ‘Éist le briathar an Tiarna. Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, lasfaidh mé tine ionat agus dófaidh sí gach crann glas ionat agus gach crann críon; beidh an tine ina caor domhúchta agus gach aghaidh ruadhóite léi, ón Neigib ó thuaidh.
“A mhic an duine, an toil leat breithiúnas a thabhairt, an toil leat breithiúnas a thabhairt, an toil leat breithiúnas a thabhairt ar an gcathair dhúnmharfach? Inis a himeachtaí gránna di mar sin.
Dá bhrí sin, dhoirt mé mo fhearg amach orthu; dhóigh mé iad le tine mo chuthaigh. Chúitigh mé a n‑iompar ar a gcinn féin - an Tiarna Dia a labhraíonn.”
“Uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Is mairg don chathair fhuilteach, don phota meirgeach nach bhfuil a mheirg inghlanta! Taosc é greim ar ghreim gan crainn a chaitheamh.
Ba é an dála céanna é ag Sodom agus Gomorá, agus ag na cathracha ina dtimpeall; ghabh siadsan freisin le collaíocht agus drúis mhínádúrtha; fágadh mar shampla iad ag fulaingt pionós na tine síoraí.
Rinne trí choda den chathair mhór, agus thit cathracha na gciníocha ar lár. Agus an Bhablóin Mhór, tháinig sí chun cuimhne i láthair Dé, d'fhonn go dtabharfaí cupán fíona chuthach feirge Dé le hól di.
Ach na meatacháin, agus na mídhílsigh, lucht na truaillitheachta, agus na dúnmharfóirí, agus lucht an adhaltranais, na hasarlaíochta agus an íoladhartha, agus lucht an éithigh go léir, is é atá i ndan dóibh, a bheith sa linn tine agus ruibhe. É sin an dara bás.”