Caithfidh sibh an turban ar bhur gcinn agus na cuaráin ar bhur gcosa; ní dhéanfaidh sibh gol ná gearán, ach cnaífidh sibh de bharr bhur bpeacaí, mairgneoidh sibh in bhur measc féin.
Ansin rinne Dáiví a bhealach suas ar Shliabh na nOlóg; bhí sé ag caoineadh ar a thriall, a cheann clúdaithe agus a chosa nocht. Agus na daoine go léir a bhí ina chuideachta, bhí a gceann clúdaithe acu agus thaistil siad suas agus iad ag caoineadh ar an mbealach.
San am sin, bhí an Tiarna tar éis labhairt trí mhinistreacht Íseáia mhic Ámóz. Dúirt sé leis: “Gabh agus scaoil an t‑éadach róin atá thart ar do choim agat agus bain na cuaráin de do chosa.” Rinne sé amhlaidh agus bhí sé ag gabháil thart tarnocht agus cosnocht.
Tá muid uile ag gnúsacht mar bheadh béir ionainn, ag ochlán agus ag éagaoin ar nós colúr. Tá ár súil leis an gceart - ach ní ann dó, le fuascailt, ach is fada uainn í.
“A mhic an duine, abair le muintir Iosrael: Seo mar a labhraíonn tú de shíor: ‘Tá ár bpeacaí agus ár gcionta mar ualach trom orainn agus táimid ag meath mar gheall orthu. Cad é mar a fhéadaimid maireachtáil?’
ansin is mar seo a dhéanfaidh mé libh. Scaoilfidh mé uafás tobann oraibh, díth agus fiabhras a chnaíonn na súile agus a thraochann anáil na beatha. Cuirfidh sibh síol in aisce, óir is iad bhur naimhde a íosfaidh é.
A mbeidh fágtha díbh, seargfaidh siad i gcríocha a naimhde de bharr a bpeacaí; de bharr peacaí a n‑aithreacha chomh maith, seargfaidh siad ar aon dul leo.