Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 24:21

An Bíobla Naofa 1981

‘Abair le muintir Iosrael: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Tá mé ar tí mo shanctóir a thruailliú, togha bhur nirt, mian bhur súl, dúil bhur n‑anama. Bhur mic agus bhur n‑iníonacha, iadsan a fhágfaidh sibh in bhur ndiaidh, titfidh siad leis an gclaíomh.

Féach an chaibidil Cóip

33 Tagairtí Cros  

ansin déanfaidh mé Iosrael a dhíbirt ón tír a thug mé dóibh agus caithfidh mé uaim as mo radharc an Teampall seo a choisric mé do m'ainm, agus beidh Iosrael ina sheanfhocal agus ina nath i measc na gciníocha go léir.

Breathnaígí an Tiarna agus a chumhacht; lorgaígí a ghnúis de shíor.

Gabh isteach in áit do shuaimhnis, a Thiarna, tú féin agus áirc do mhaorgachta.

Iarraim aon ní amháin ar an Tiarna; bím ag tnúth leis de shíor: go gcónóidh mé in áras an Tiarna gach lá de mo shaol; go bhfaighidh mé taitneamh in aoibhneas an Tiarna ‘s go bhfeicfidh mé a theampall.

Chuir siad do shanctóir faoi bharr dearglasrach. Thruailligh siad agus leag d'áit chónaithe go húir.

Salm Ásáf. 1 A Dhia, tháinig na ciníocha isteach i do thír agus rinne siad truailliú ar do theampall naofa; scrios siad Iarúsailéim go ndearna carnán cloch di.

Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Na Cantaoirí Fíona”. Salm le clann Chorach.

Ag meirtniú le méin do m'anam, santaíonn sé cúirteanna an Tiarna. Gairdíonn mo chroí is mo cholainn, i nDia - an Dia bithbheo.

Is leis an ghlóir agus an gradam; tá cumhacht agus taibhse ina shanctóir.

Ach sibhse atá i ndiaidh an Tiarna a thréigean, a bhfuil mo shliabh beannaithe dearmadta agaibh, a chóiríonn tábla faoi choinne dia na cinniúna, agus a leagann amach cupán fíona do dhia an áidh,

Tá mé lán d'fhearg an Tiarna táim tuirseach de bheith á coinneáil istigh. “Doirt amach mar sin é ar na leanaí sa tsráid, agus ar oireachtas na n‑ógfhear in éineacht. Tógfar uile iad: an fear agus an bhean, an seanóir liath agus an té atá lán de laethanta.

uime sin déanfaidh mé leis an Teampall seo a ghairtear i m'ainm, ina bhfuil bhur muinín, agus leis an áit a thug mé daoibh agus do bhur n‑aithreacha, mar do rinne mé le Sileo.

Tháinig an bás suas chun ar bhfuinneog, agus rinne a bhealach isteach inar bpáláis; ghearr sé anuas na leanaí sa tsráid, na fir óga ar an bhfaiche.

Shín a heascairde a lámha amach chun a maoinese go léir; chonaic sise na náisiúin ag réabadh isteach ina sanctóir - an dream ar chros tú féin orthu do chomhthionól a thaithí.

Ochón! Tá an Tiarna tar éis duibhe a chur ar iníon Shíón le corp cuthaigh; theilg sé ó neamh go talamh áilleacht Iosrael; níor chuimhin leis stóilín a chos ar lá a chuid díbheirge.

Tá óg agus aosta ina luí ar an talamh sna sráideanna; tá m'ógfhir agus mo mhaighdeana tar éis titim le faobhar an chlaímh; tusa a mharaigh iad ar lá do dhíbheirge; rinne tú sléacht orthu gan trua.

Díreoidh mé m'éad ort ionas go roinnfidh siad go han-bhorb leat; bainfidh siad do shrón agus do chluasa díot agus titfidh a mbeidh fágtha leis an gclaíomh. Ropfaidh siad do mhic agus d'iníonacha agus caithfear an fuílleach sa tine.

Clochfaidh an slua iad agus coscróidh leis an gclaíomh iad; maróidh siad a mic agus a n‑iníonacha agus dófaidh a dtithe.

“A mhic an duine, bainfidh mé mian do shúl uait ar an toirt; ach ná bac a bheith ag mairgneach ná ag caoineadh ná ag sileadh deor.

Dúirt mé leo ansin: “Tháinig briathar an Tiarna chugam:

Déanfaidh sibh mar a rinne mise; ní chlúdóidh sibh bhur mbéal, ní íosfaidh sibh arán na ndobrónach.

“Agus, a mhic an duine, an lá a mbainfidh mé a mic agus a n‑iníonacha díobh, gurb iad a neart, a ngairdeas agus a nglóir iad, mian a súl agus dúil a n‑anama;

Bánóidh agus léirscriosfaidh mé an tír, agus coiscfidh mé a cumhacht mórchúiseach. Beidh sléibhte Iosrael chomh bánaithe sin nach rachaidh aon duine tríothu arís.

Tabharfaidh mé ar dhíogha na gciníocha dul i seilbh a dtithe; cuirfidh mé deireadh lena neart díomasach agus truailleofar a n‑áiteanna naofa.

Dúirt sé leo ansin: “Truailligí an Teampall agus líonaigí na cúirteanna leis na mairbh, agus gluaisigí libh.” D'imigh siad leo agus mharaigh siad rompu ar fud na cathrach.

Tá Eafráim sleabhctha agus a bhfréamh seargtha; ní thabharfaidh siad toradh uathu go deo arís. Fiú má éiríonn leo clann a bhreith, maróidh mise toradh muirneach a mbroinne.

Brisfidh mé bhur neart uabhair; fágfaidh mé bhur spéir ina iarann agaibh agus bhur dtalamh ina phrás.

An té a dhéanann amhlaidh, nár fhága an Tiarna sliocht ná síol aige i mbothanna Iacóib, ná ina measc siúd a ofrálann íobairt do Thiarna na Slua.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí