Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 24:19

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt an pobal liom: “Nach n‑inseoidh tú dúinn cad é mar a bhaineann na gnóthaí seo agat linne?”

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

“A mhic an duine, nár fhiafraigh muintir Iosrael, an dream ceannairceach sin, díot cad a bhí ar siúl agat?

“Abair leis an dream ceannairceach sin: ‘Nach dtuigeann sibh cad is ciall leis na nithe seo?’ Inis dóibh: Féach, tháinig rí na Bablóine go Iarúsailéim; ghabh sé an rí agus na prionsaí agus thug leis iad chun na Bablóine.

“A mhic an duine, iompaigh i dtreo Iarúsailéim, cuir do mhallacht ar an sanctóir agus tairngir in aghaidh thír Iosrael.

D'inis mé an scéal sin don phobal ar maidin agus d'éag mo bhean chéile um thráthnóna. Maidin lá arna mhárach chuir mé i gcrích mar a ordaíodh dom.

Dúirt mé leo ansin: “Tháinig briathar an Tiarna chugam:

Nuair a deir do mhuintir leat: ‘Mínigh ciall an scéil seo dúinn’;

“Is bearránach iad na briathra a labhraíonn sibh i m'aghaidh, a deir an Tiarna. Mar sin féin, fiafraíonn sibh: ‘Céard a dúramar i d'aghaidh?’




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí