Mura n‑éisteann sibh leis an rabhadh seo, caoinfidh mé go haonraic bhur n‑uabhar, líonfaidh mo shúile le deora, mar go bhfuil tréad an Tiarna á dtabhairt i mbraighdeanas.
Sea, is mar seo a deir an Tiarna: Ná téigh isteach i dtigh an tórraimh le go ndéana tú caoi agus truamhéil leo; mar thóg mise mo shíocháin ón bpobal seo - an Tiarna a labhraíonn - mo shíocháin agus mo thruamhéil.
Ná golaigí ar son an mhairbh, ná caoinigí é. Ach golaigí go géar ar son an té a d'imigh, óir ní thiocfaidh sé ar ais go deo, ní fheicfidh sé a thír dhúchais arís go brách.
Ar an ábhar sin is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá: “Bás don fhear sin! Ná caoinigí é: ‘Uch a dheartháir!’ ‘Uch a dheirfiúr!’ Ná caoinigí ar a shon: ‘Uch, a thiarna!’ ‘Uch, a mhórgacht!’
Éigh ó do chroí amach ar an Tiarna, a bhalla iníon Shíón; bí ag tál na ndeor ina dtuile de lá agus d'oíche; ná tabhair faoiseamh ar bith duit féin; nár thriomaí do shúile choíche.
Níor mhaith liom, a bhráithre, go mbeadh sibh aineolach i dtaobh na marbh i dtreo nach mbeadh sibh dobrónach ar nós na ndaoine eile atá gan aon dóchas.