Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 24:14

An Bíobla Naofa 1981

Mise, an Tiarna, a labhair; fíorófar m'fhocal. Gníomhóidh mé agus ní rachaidh mé siar air; ní dhéanfaidh mé trua ná aithreachas; tabharfaidh mé breithiúnas ort de réir d'imeachtaí agus do ghníomhartha - an Tiarna Dia a labhraíonn.”

Féach an chaibidil Cóip

30 Tagairtí Cros  

Déanfar sprioc lámhaigh de gan trua ná taise; Caithfidh sé teitheadh ó lucht a bhagartha.

Labhair sé agus rinneadh gach aon ní. D'ordaigh sé agus ráinig siad ann.

Is mairg don ainbheartach, tá an t‑olc anuas air, caithfear leis de réir saothar a lámh.”

is amhlaidh don bhriathar a théann as mo bhéal, ní fhilleann orm gan toradh, gan an rud a b'áil liom a dhéanamh agus mo bheart a chur i gcrích.

Déanfaidh mé iad a ghreadadh in aghaidh a chéile, athair agus mac in éineacht - an Tiarna a labhraíonn. Ní bheidh trua agam, ní choigleoidh mé, ní dhéanfaidh mé trócaire, ach scriosfaidh mé iad.’ ”

ní fhillfidh fearg an Tiarna go gcríochnaí, agus go gcomhlíona sé comhairle a chroí. Tuigfidh sibh é sin go soiléir sna laethanta atá ag teacht.

Thug d'iompar féin agus do ghníomhartha na nithe seo ort. Is í seo do chinniúint, agus is searbh í. Cé mar a shroicheann sé do chroí istigh!”

De bhrí nár chuimhin leat laethanta d'óige agus gur spreag tú fearg ionam leis na nithe seo uile; dá bhrí sin, cúiteoidh mé do ghníomhartha ar do cheann féin - an Tiarna Dia a labhraíonn. Nach raibh tú graosta sa bhreis ar d'imeachtaí gránna eile?

Agus tuigfidh gach crann sa pháirc gur mise, an Tiarna, a leagann an crann ard, agus a thógann an ceann íseal, a sheargann an crann glas agus a bhláthaíonn an ceann críon. Mise, an Tiarna; a labhair agus déanfaidh mé beart dá réir.”

Dá bhrí sin, tabharfaidh mé breithiúnas ort, a mhuintir Iosrael; ar gach duine de réir a ghníomhartha - an Tiarna Dia a labhraíonn. Déanaigí aithrí agus tréigigí bhur bpeacaí go léir; seachnaígí gach ócáid scannail agaibh.

Dá bhrí sin, dhoirt mé mo fhearg amach orthu; dhóigh mé iad le tine mo chuthaigh. Chúitigh mé a n‑iompar ar a gcinn féin - an Tiarna Dia a labhraíonn.”

Ionsóidh siad thú [aduaidh] le carbaid, le cóistí agus le slua daoine; cuirfidh siad sciath, lúireach agus clogad i do choinne ó gach taobh. Fágfaidh mé breithiúnas fúthu agus daorfaidh siad thú de réir a mbreithiúnais féin.

Roinnfidh siad go fuafar leat, sciobfaidh siad toradh do shaothair leo agus fágfaidh thú lom tarnocht. Léireofar do striapachas mínáireach ar an dóigh sin. Do ghraostacht agus do striapachas ar aon

Tháinig briathar an Tiarna chugam fosta:

“An lá sin rachaidh teachtairí amach uaimse i longa a chur eagla ar na hAetópaigh neamhchúramacha. Tiocfáidh uafás orthu lá na hÉigipte; óir, féach é ag teacht!

Scaip mé iad i measc na gciníocha agus ruaig mé iad ar fud na dtíortha; ghearr mé breithiúnas orthu mar a thuill a n‑iompar agus a mbearta.

Uime sin, dar mo bheatha - an Tiarna Dia a labhraíonn - chomh cinnte agus a thruailligh sibh mo shanctóir le bhur n‑uile uafás agus bhur n‑imeachtaí gránna uile, gearrfaidh mé anuas sibh gan anacal gan trócaire.

Anois tá deireadh leat! Scaoilfidh mé le mo fhearg ort agus gearrfaidh mé pionós ort mar atá tuillte agat agus daorfaidh mé thú as d'imeachtaí gránna uile.

Ní thaispeánfaidh mé anacal ná trócaire ach tú a chúiteamh mar atá tuillte agat fad agus tá d'imeachtaí gránna le feiceáil. Tuigfidh sibh ansin gur mise an Tiarna.

Ar ball beag doirtfidh mé mo fhearg ort, ídeoidh mé mo chuthach ort agus gearrfaidh mé pionós ort mar atá tuillte agat agus daorfaidh mé thú as d'imeachtaí gránna uile.

Ní thaispeánfaidh mé anacal ná trócaire; gearrfaidh mé pionós ort mar atá tuillte agat fad agus tá d'imeachtaí gránna le feiceáil. Tuigfidh tú ansin gur mise, an Tiarna, a bhuaileann.

Dá bhrí sin, smachtóidh mé iad le teann feirge, gan anacal gan trócaire. Glaoidís orm in ard a gcinn; ach ní thabharfaidh mé aon aird orthu.”

Maidir liom féin, tabharfaidh mé chun cúitimh iad, gan anacal gan trócaire.”

Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: “Faoi mar a bheartaigh mé dochar a dhéanamh daoibh nuair a chuir bhur n‑aithreacha fearg orm,” a deir Tiarna na Slua, “agus nár tháinig aithreachas ar bith orm faoi,

“Ar giorraíodh lámh an Tiarna?” arsa an Tiarna le Maois, “feicfidh tú anois an gcomhlíonfar mo gheallúint duit nó nach ndéanfar.”

Ní duine é Dia go n‑inseodh sé bréag, ná ní mac le hÁdhamh é go dtiocfadh ar mhalairt aigne. An dual dó ‘sea’ a rá, gan an beart a dhéanamh, a bhriathar a thabhairt, ach gan é a chomhlíonadh?

Óir tá Mac an Duine le teacht faoi ghlóir a Athar lena chuid aingeal, agus ansin cúiteoidh sé le gach duine de réir mar a rinne.

Imeoidh neamh agus talamh, ach ní imeoidh mo bhriathrasa choíche.

Ach dá ainneoin sin, ní inseoidh Glóir Iosrael bréag ná ní rachaidh ar gcúl ina fhocal; mar ní duine é le go rachadh sé ar gcúl ina fhocal.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí