Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 23:7

An Bíobla Naofa 1981

Rinne sí a striapachas leo - ba iad uile togha na nAsaíreach - agus thruailligh sí í féin le híola cách a ndearna sí suirí leo.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Clann Shéam: Éalam agus Aisiúr agus Arpaicsead, agus Lúd agus Arám.

Trochlaíodh iad lena n‑oibreacha féin; agus ghabh siad le striapachas ina ngníomhartha.

“Ach d'éirigh tú teann as clú d'áilleachta; bhain tú feidhm as do chlú le haghaidh striapachais agus dhoirt tú do dhrúis amach ar chách a chuaigh an bealach.

Dúirt mé leo: Caithigí uaibh uafáis a mheallann súile an uile dhuine agaibh agus ná truailligí sibh féin le híola na hÉigipte; is mise an Tiarna bhur nDia.

a thug an drochíde seo anuas ort, de bhrí gur mheirdrigh tú leis na ciníocha agus gur thruailligh tú thú féin lena n‑íola.

Is aithnid dom Eafráim, níl Iosrael folaithe uaim; ach faoi láthair tá Eafráim ina striapach, agus Iosrael truaillithe.

I dteach Iosrael feicim rud uafásach; mar is ansin a dhéanann Eafráim striapachas, agus a thruaillítear Iosrael.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí