Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 23:21

An Bíobla Naofa 1981

Bhí tú ag tnúth le graostacht d'óige nuair a rug na hÉigiptigh barróg ar do bhrollach agus nuair a mhuirnigh siad d'ógchíocha.

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Bhí a striapachas chomh mínáireach sin gur thruailligh sí an talamh as a dheireadh; rinne adhaltranas le clocha agus le smutáin adhmaid.

Ach mhéadaigh fós ar a striapachas agus í ag cuimhneamh ar aimsir a hóige nuair a mheirdrigh sí i dtír na hÉigipte,

“Dá bhrí sin, a Ohoilíbeá, seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, gríosóidh mé i d'éadan na leannáin ar thug tú cúl leo go samhnasach; cruinneoidh mé i do choinne iad ó gach taobh,

Chuaigh siad le striapachas san Éigipt, chuaigh le striapachas le linn a n‑óige. Rugadh barróg ar a gcíocha ansin agus rinneadh muirniú ar a mbrollaigh mhaighdeanúla.

Níor thréig sí an striapachas a chleacht sí san Éigipt ina hóige nuair a luigh fir léi ag breith ar a brollach maighdeanúil agus á truailliú lena ndrúis.

Tháinig mise in ainm m'Athar, agus ní ghlacann sibh mé; má thagann duine eile ina ainm féin, glacfaidh sibh eisean.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí