Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 23:20

An Bíobla Naofa 1981

agus nuair a shuirigh sí le leannáin a raibh a mbaill mar bhaill asal agus a síol mar shíol capall.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Bhíodar ina staileanna macnasacha, iad beathaithe, gach aon duine acu ag seitreach i ndiaidh bean a chomharsan.

Lena chois sin, thug tú na mic agus na hiníonacha a rug tú domsa agus d'íobair tú dóibhsean iad lena slogadh siar. Nár leor leat do striapachas?

Mheirdrigh tú fosta leis na hÉigiptigh, do chomharsana drúisiúla; mhéadaigh tú an striapachas le mo ghríosúsa chun feirge.

Ach d'éirigh [an prionsa] amach agus chuir teachtaí chun na hÉigipte, ionas go dtabharfaidís capaill agus slua fear dó. An n‑éireoidh leis? An rachaidh a leithéid seo d'fhear slán? An bhfuil sé i ndán d'fhear briste an chonartha dul slán?

Chomh luath agus chonaic sí iad splancadh í ina ndiaidh agus sheol teachtairí chucu go Caildéa.

Ach mhéadaigh fós ar a striapachas agus í ag cuimhneamh ar aimsir a hóige nuair a mheirdrigh sí i dtír na hÉigipte,

Fad a mhaireann an sileadh is mar seo leanas an dlí dá neamhghlaine: cibé acu a choisceann a chorp an sileadh nó nach ndéanann, bíodh sé neamhghlan.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí