Ar chúl an dorais agus na hursan is ea a chuir tú do chloch chuimhne in airde. D'imigh tú uaim agus bhain tú díot, chuaigh tú ar an leaba fhairsing a bhí cóirithe agat. Tá conradh déanta agat leo siúd ar mhór leat a leaba, ag síorstriapachas leo agus do shúile ar an dia bréige.
Dúirt an Tiarna liom: “Dá seasfadh Maois agus Samúéil i m'fhianaise ní fhéadfadh mo chroí téamh leis an bpobal seo! Díbir amach as mo radharc iad; imídís leo!
Náire ba chóir a bheith orthu mar gheall ar a n‑imeachtaí gránna. Beag an baol! Níl ciall do náire acu, ní mó is féidir leo lasadh. Ar an ábhar sin, mar a thiteann daoine eile, titfidh siadsan freisin; teilgfear anuas iad nuair a thiocfaidh mise ar cuairt acu, a deir an Tiarna.
Rinne an Tiarna a bheag dá altóir; ghlac sé fuath dá shanctóir; chuir sé ballaí a caisleán i seilbh a naimhde nimhneacha; tógadh gártha i dteach an Tiarna mar a thógfaí ar fhéile reachtúil.
Seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí gur thaispeáin tú thú féin gan náire agus go bhfacthas tarnocht thú sa striapachas le do leannáin, agus mar gheall ar d'íola agus fuil do chlainne a thug tú dóibh;
“A mhic an duine, socraigh dhá bhealach do theacht chlaíomh rí na Bablóine; bíodh an dá bhealach ag teacht ón tír chéanna. Tóg cuaille eolais ag ceann an bhealaigh chun na cathrach;
D'fhág siadsan í tarnocht, ghabh siad a mic agus a hiníonacha, mharaigh siad ise leis an gclaíomh; agus d'imigh a míchlú i mbéal na mban nuair a cuireadh an breithiúnas uirthi i gcrích.
Baileofar clann Iúdá agus clann Iosrael le chéile agus ceapfaidh siad aon cheann urra amháin dóibh féin agus tiocfaidh siad i seilbh na tíre arís, óir is lá mór a bheidh ann lá Izréil.
Cibé uair is mian liom Iosrael a leigheas, nochtar urchóid Eafráim agus olcas na Samáire. Óir is í an chaimiléireacht a chleachtann siad; bíonn an gadaí ag briseadh isteach sna tithe, agus ropairí ag tabhairt ruaigeanna creiche lasmuigh.
Mhionnaigh an Tiarna Dia dar a cheann féin, - is é an Tiarna, Dia na Slua, a labhraíonn - Is fuath liom díomas Iacóib, is beag orm a pháláis; tréigfidh mé an chathair agus a bhfuil inti.