Ach d'éirigh siad amach i mo choinne agus níor éist siad liom; níor chaith siad uathu na huafáis ar bhain gach duine acu lán na súl astu; níor thréig siad íola na hÉigipte ach oiread. “Shocraigh mé ansin mo dhíbeirg a dhoirteadh anuas orthu agus mo chuthach a ídiú orthu i lár thír na hÉigipte.
Dá bhrí sin, dhoirt mé mo fhearg amach orthu; dhóigh mé iad le tine mo chuthaigh. Chúitigh mé a n‑iompar ar a gcinn féin - an Tiarna Dia a labhraíonn.”
Ní thaispeánfaidh mé anacal ná trócaire; gearrfaidh mé pionós ort mar atá tuillte agat fad agus tá d'imeachtaí gránna le feiceáil. Tuigfidh tú ansin gur mise, an Tiarna, a bhuaileann.