Óir is fada leac teallaigh ullamh cois Toifit, agus ullamh le haghaidh Mhoilic chomh maith, clais dhomhain leathan, lán cocháin agus adhmaid, agus anáil an Tiarna ag cur tine leis, mar a bheadh rabharta ruibhe ann.
mar a lasann tine ina bladhaire trí bhrosna, mar a chuireann tine uisce ag fiuchadh; ansin bheadh aithne ag do naimhde ar d'ainm agus ciníocha ar crith roimh do theacht.
Duine níl ann a ghlaonn ar d'ainm, ná a mhúsclaíonn é féin chun teannadh go dlúth leat, óir tá tú tar éis do ghnúis a cheilt orainn, agus sinn fágtha agat faoi smacht ár gcoireanna.
rí theaghlaigh Dháiví! Is mar seo a deir an Tiarna: ‘Gach maidin tabhair breith cheart, tarrthaigh an té a ndearnadh éigeart air as láimh fhear a ansmachta, nó léimfidh m'fhearg amach ar nós tine, loscfaidh sí agus ní bheidh fear a múchta le fáil.
Ba mhaith liom dul a bhaint fómhair ann, a deir an Tiarna. Ach níl fíonchaora ar an bhfíniúin, ná figí ar an gcrann figí agus na duilleoga féin, tá siad feoite. Mar sin é óir thug mise sladairí orthu le slad a dhéanamh orthu.”
Uime sin, is mar seo a deir Tiarna na Slua: “Féach, dearbhóidh mé anois iad sa soitheach leáite - nó céard eile a dhéanfaidh mé, mar gheall ar a n‑olcas?
Cé a fhéadann seasamh in aghaidh a chuthaigh? Cé a fhéadann a theasaíocht a fhulaingt? Bladhmann a chuid feirge amach mar thine, agus scoiltear na carraigeacha os a chomhair.
Ní fhéadfaidh a gcuid airgid ná óir iad a shábháil. Ar lá dhíbheirg an Tiarna ídeofar an domhan go léir le tine a chuid éada. Cuirfidh sé deireadh, is ea deireadh dithneasach, le háitritheoirí uile an domhain.
ní mhaithfidh an Tiarna dó; ach lasfaidh fearg agus formad an Tiarna in aghaidh an duine sin, agus luífidh gach mallacht atá scríofa sa leabhar seo ar a mhullach, agus scriosfaidh an Tiarna a ainm ó faoi neamh.