Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna: Na mairbh a leag sibh inti, is iadsan an fheoil agus is í an chathair an coire; ach tá sé ar intinn agam sibh a thiomáint amach aisti.
Mar a chruinnítear airgead agus prás, iarann, luaidhe agus stán sa chorcán chun tine a shéideadh orthu á leá, sin mar a chruinneoidh mé sibhse agus cuthach feirge orm; agus leáfaidh mé ann sibh.
Fágtar le hais a chéile ag fás iad araon go dtí an fómhar, agus nuair a bheidh an fómhar á dhéanamh déarfaidh mé leis na buanaithe: Bailígí an cogal chun a chéile ar dtús, agus déanaigí punanna de chun a dhóite. Ach cruinnígí an t‑arbhar isteach i mo scioból.’ ”