Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 21:9

An Bíobla Naofa 1981

Tarraingeoidh mé mo chlaíomh as a thruaill leis an bhfíréan agus an ciontach a leagan, ón Neigib ó thuaidh.

Féach an chaibidil Cóip

17 Tagairtí Cros  

Tiocfaidh an crann amach trína dhroim, Agus an rinn trí mháilín a dhomlais. Tá stór uafas i ndán dó.

Sé an dá mhar a chéile é, uime sin a deirim: Scriosann sé idir neamhurchóideach agus choirpeach.

An lá sin, smachtóidh an Tiarna lena chlaíomh crua, lena chlaíomh mór laidir, Leiviatan, an nathair éalaitheach, Leiviatan, an nathair lúbarnach: maróidh sé dragan na farraige.

Mar tá an Tiarna chun breith a thabhairt le tine, chun an cine daonna a chiontú lena chlaíomh, agus marófar mórán leis an Tiarna.

Tá na scriosadóirí tagtha go gach cnocán lom san fhásach (óir beartaíonn an Tiarna claíomh a shlogann); ó cheann ceann na tíre ní bhfaigheann feoil ar bith síocháin.

Agus má fhiafraíonn siad díot: ‘Cá rachaimid?’ inseoidh tú é seo dóibh: Is mar seo a deir an Tiarna: ‘An mhéid faoi choinne na plá, chun na plá; an mhéid faoi choinne an chlaímh, chun an chlaímh; an mhéid faoi choinne an ghorta, chun an ghorta; an mhéid fáoí choinne an bhraighdeanais, chun an bhraighdeanais!’

Úmaigí na heacha; sa diallait, a mharcslua! In bhur ranganna! Bhur gclogaid oraibh! Déanaigí líofa na gatha; cuirigí oraibh bhur lúireacha!

Conas is féidir dó a bheith suaimhneach ó thug an Tiarna ordú dó? In éadan Aiscileon agus bord na farraige, is chucusan a d'ordaigh sé é.”

An faobhar don ár, an snas don drithliú. An cúis áthais é seo againn gur dhíspeag sibh ríshlat mo mhic amhail gach sórt crainn?

Dar le muintir na cathrach, iadsan a thug mionna, is fáistine bhréige í. Ach cuirfidh seisean a gcionta i gcuimhne dóibh ionas go ngabhfar iad.

Abair le foraois Neigib: ‘Éist le briathar an Tiarna. Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, lasfaidh mé tine ionat agus dófaidh sí gach crann glas ionat agus gach crann críon; beidh an tine ina caor domhúchta agus gach aghaidh ruadhóite léi, ón Neigib ó thuaidh.

Feicfidh an uile dhuine gur mise, an Tiarna, a las í; ní mhúchfar í.’ ”

Abair le tír Iosrael: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tá mé i do choinne, nochtfaidh mé mo chlaíomh as a thruaill agus maróidh mé idir fhíréan agus chiontach.

Fiú má chuireann a naimhde i ngéibheann iad ordóidh mé don chlaíomh iad a mharú ansin, agus ní le gnaoi ach le holc chucu a choimeádfaidh mé súil orthu.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí