Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 21:21

An Bíobla Naofa 1981

Treascair leat ar dheis agus ar chlé, faobhar ar aghaidh.

Féach an chaibidil Cóip

22 Tagairtí Cros  

Agus Lábán imithe ag bearradh a chuid caorach, ghoid Ráchael íola tí a hathar.

Fág gur imigh tú le barr síreachta i ndiaidh teach d'athar, cén fáth, ámh, ar ghoid tú mo dhéithe?”

Scuab Ióisíá chun siúil leis an lucht asarlaíochta agus feasa, na déithe teallaigh agus na híola agus na gráiniúlachtaí go léir a bhíodh le feiceáil i dtír Iúdá agus in Iarúsailéim; rinne sé é sin go léir d'fhonn briathra an dlí go léir a bhí scríofa sa leabhar a fuair an sagart Hilcíá i dTeampall an Tiarna a chur i bhfeidhm.

Tagann oracail ó bhéal an rí, ní dhéanann sé dearmad nuair a fhógraíonn a bhreith.

Ar an ucht a chaitear na cranna, ach ón Tiarna a thagann an réiteach.

Tá croí an rí i láimh an Tiarna mar shruthán uisce; iompaíonn sé é cibé treo is toil leis.

Mar ar feadh mórán laethanta fágfar clann Iosrael gan rí, gan flaith, gan íobairt, gan liagán, gan éafód, gan íola tí.

Iarrann siad comhairle ar a smut adhmaid, agus is é an cuaille acu a thugann faisnéis dóibh; go deimhin, is dúil sa striapachas a chuireann ar seachrán iad, agus is de dheasca striapachais a d'éirigh siad as bheith faoina nDia féin.

Óir, rinne na híola tí tairngreachtaí éithigh, agus chonaic an lucht fáistine físeanna falsa; bíonn na taibhrimh ag réamhfhógairt na baoise agus ag tabhairt sóláis bhréige. Dá dheasca sin uile, táthar imithe chun fáin mar thréad caorach agus iad á gcrá cheal aoire.

Chuir seanóirí Mhóáb agus seanoirí Mhidián chun siúil agus na sintiúis don asarlaíocht acu, agus thángadar go Balám agus thug dó teachtaireacht Bhálác.

Níl briocht in Iacób; ná tuar asarlaíochta in Iosrael. Fág go ndeir daoine le Iacób, agus go ndeir siad le hIosrael: ‘Cén t‑iontas a rinne Dia?’

Rug Bálác Balám go barr Pheór atá go hard os cionn an fhásaigh.

Mar sin, téigí sibhse i mbéal na mbóithre poiblí, agus cibé daoine a chasfar oraibh, tugaigí cuireadh chun na bainise dóibh.’

Tharla lá nuair a bhíomar ag dul go dtí láthair na hurnaí gur casadh orainn cailín óg a raibh spiorad feasa inti. Bhí mórán airgid á thuilleamh aici dá máistrí as a cuid fáistineachta.

Ná faightear choíche in bhur measc aon duine a sheolann a mhac nó a iníon tríd an tine, ná aon duine a chleachtann fáistine, ná astralaí, ná ágar, ná draíodóir,

Rinne Míceá scrín di, agus éafód agus taráfaím, agus cheap sé mac leis le bheith mar shagart aige.

Ansin labhair an cúigear a chuaigh chun dúiche Láis a thaiscéaladh agus dúirt lena mbráithre: “An bhfuil fhios agaibh go bhfuil éafód agus taráfaím agus íomhá ghreanta (íol de mhiotal leáite) sna tithe seo? Déanaigí machnamh dá bhrí sin ar a bhfuil le déanamh agaibh.”

chuaigh an cúigear a rinne an tír a thaiscéaladh ar aghaidh isteach sa teach, thógadar leo an íomhá ghreanta, an t‑éafód agus an taráfaím (agus an t‑íol de mhiotal leáite); bhí an sagart idir an dá linn ina sheasamh ansiúd ar thairseach an gheata leis an sé chéad fear faoi airm chogaidh.

Nuair a chuaigh na fir úd isteach i dteach Mhíceá agus gur thógadar leo an íomhá ghreanta, an t‑éafód, an taráfaím (agus an t‑íol de mhiotal leáite), dúirt an sagart leo: “Cad tá ar siúl agaibh?”

Bhí áthas croí ar an sagart; thóg sé an t‑éafód, an taráfaím agus an íomhá ghreanta agus d'imigh leis i lár na buíne.

D'fhreagair sé: “Thóg sibh libh an dia a rinne mé dom féin, agus thóg sibh an sagart chomh maith. Tá sibhse ag imeacht libh, agus cad atá fágtha agamsa? Cén chaoi a bhféadfadh sibh ceist a chur: ‘Cad tá ort?’ ”

Peaca asarlaíochta is ea an cheannairc. Éigeart agus íoladhradh is ea an easumhlaíocht. Toisc gur thug tusa an diúltú do bhriathar an Tiarna, thug seisean an diúltú duitse mar rí.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí