óir ní céadiarracht ar bith é seo. An bhfuil aon teorainn lena chumhacht má dhíspeagann sibh an ríshlat? - an Tiarna Dia a labhraíonn.
Lig uaill agus olagón asat, a mhic an duine. Tá sé i ndán do mo phobal, do phrionsaí uile Iosrael mar aon le mo phobal, atá tugtha suas don chlaíomh. Buail do cheathrú dá bhrí sin,
A mhic an duine, tairngir agus buail bosa, titeadh an claíomh faoi dhó nó faoi thrí, claíomh seo na marbh, claíomh an áir mhóir a chiorclaíonn iad.